Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Mr. Barry Quinlan:
Rinne siad an-iarracht é sin a dhéanamh. Níl sé ar mo thaobh; tá mise ag obair ar fhuinneamh freisin ach ar thimpeallacht tógtha agus iarfheistiú. Is ceann eile de na daoine atá ag obair liomsa atá i gceannas air seo. Bhí mé ag caint leis agus níl caighdeán ard Gaeilge ag an fear eile atá ar an mbord bainistíochta. Fuaireamar na seirbhísí isteach. Bhí an-obair ann chun gach rud a aistriú agus a bheith cinnte go raibh an t-eolas ann. Bhí sé tábhachtach mar, mar a fheicimid, bhí na daoine ann chun é a phlé trí Ghaeilge. Bhí sé sin an-tábhachtach.
No comments