Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Barry Quinlan:

Tháinig mise isteach sa Roinn bliain go leith ó shin. Bhí mé sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le Bairbre Nic Aongusa agus daoine eile ar feadh na mblianta.

Tá an Roinn seo thar a bheith teicniúil, fiú leis an bhfoclóireacht agus gach rud. Nuair atá tú ag dul amach ag caint leis an bpobal faoi rud tábhachtach atá ag teacht isteach sa phobal, tá sé sin chomh tábhachtach. Uaireanta, mar a thuigfeadh an Teachta, bíonn an-díospóireacht ann. Caithfidh muidne a bheith cúramach go bhfuil sé féaráilte ar na daoine a chuirimid amach, go mbeadh an fhoclóireacht agus an t-eolas acu. Tá sé deacair ach sin an tslí a dteastaíonn uainn dul. Chun an fhírinne a rá, beidh orainn an leibhéal Gaeilge atá ag na daoine leis an eolas sin a ardú mar beidh sé an-deacair é a dhéanamh go tapa an tslí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.