Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Mar a deirim i gcónaí, bíonn na cruinnithe seo an-chabhrach dúinn. Gabhaim buíochas as na ráitis tosaigh. Chun a bheith dearfach, tá an-dul chun cinn ó thaobh na himpleachtaí a eascraíonn ó Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). De réir mar a fheicim ó na dreamanna a thagann os ár gcomhair, tá na Ranna níos tiomanta anois. Ar a laghad, tá dul chun cinn déanta ó thaobh an Achta de. Tugann sé sin ardú meanma dom.

Tá rudaí suimiúla ráite ag Barry Quinlan ó thaobh bearna mhór a bheith ann idir inniúlacht sa Ghaeilge agus an saghas oibre atá ag teastáil. B'fhéidir go dtiocfaidh mé chuige sin. I dtosach, an bhfuil an t-oifigeach Gaeilge nua á cheapadh nó ceaptha ag an Roinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.