Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Barry Quinlan:

Tá sé deacair daoine a fháil agus daoine a fháil le Gaeilge freisin. Ag an am seo, agus an méid fostaíochta atá sa tír, tá sé deacair ach táimid ag déanamh ár ndícheall. Mar a luaigh mé, tá straitéis chun daoine nua a earcú ag teacht amach, agus mar an gcéanna le Ranna eile, tá oifigeach Gaeilge againn. Athraíonn sé sin rudaí mar tá duine éigin a chaitheann 20% dá chuid ama ag féachaint ar chúrsaí Gaeilge sa Roinn agus rudaí mar sin. Mar a dúramar, b’fhéidir nach bhfuil an t-éileamh ann anois maidir le cúrsaí Gaeilge ach táimid ag iarraidh níos mó rudaí a chur ar fáil agus ansin beidh níos mó daoine ag teastáil.

Freisin, ghlac 28 ball foirne páirt i 33 cúrsa Gaeilge san iomlán ó 2021. Tá daoine ag déanamh cúrsaí freisin mar sin agus táimid ag iarraidh an leibhéal a ardú sa Roinn agus ag an am céanna níos mó daoine a fháil. Chun an fhírinne a rá, mar is eol don choiste, tá sé deacair daoine a fháil go ginearálta faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.