Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam agus tosóidh mé san áit a chríochnaigh an Teachta Moynihan ansin.

Ó thaobh na bpasanna de, tá go leor nithe, ainmhithe nó a leithéid, atá ar an ngannchuid anois gur féidir linn féachaint air. Nuair atáimid ag caint faoi phas, is clisteacht ó thaobh dearadh agus sin atá ag teastáil. B’fhéidir gur féidir féachaint ar Leabhar Cheanannais áit atá a lán ainmhithe beaga agus a leithéid caite isteach. Cosúil le gach saoránach eile, tapóidh mé an deis agus cuirfidh mé roinnt smaointe ar aghaidh chuig an Roinn seachas an t-ábhar a chíoradh go hiomlán anseo. Planda a dhéanann daoine dearmad air go minic ná ceann a chuidigh lena lán daoine thar na bliana, is í sin an neantóg. Bhíodh na neantóga chomh maith céanna le cabáiste agus fiú níos fearr. Bhíodh siad againn nuair a bhíomar óg. Ní bhaineann siad geit asat tar éis iad a bheiriú. Bá chóir go mbeadh sé sin ar eolas ag an gcoiste. Caithfidh na neantóga a bheith óg; níl siad chomh deas nuair atá siad dorcha. There you are. Is i gCiarraí a d’fhoghlaim muidne é sin thar na blianta.

Tá cúpla mionrud eile. Tréaslaím an obair atá á dhéanamh ag na finnéithe agus as teacht os ár gcomhair le foireann iomlán le Gaeilge. B’fhéidir go gceapann siad gur ghnáth rud é sin ach gach uile Roinn eile a thagann os ár gcomhair bíonn Béarlóirí agus Gaeilge ina measc. Uaireanta, ní bhíonn ach Béarlóirí ann. Is comhartha maith don choiste é agus comhartha maith den Roinn an obair atá á dhéanamh ann. Tréaslaímid leis na finnéithe as an obair sin.

Ó thaobh an liosta de, thug na finnéithe liosta cuíosach fairsing dúinn de na heagrais a fhaigheann roinnt maoiniú. An dtagann sé sin ón Roinn nó ó Culture Ireland nó an bhfuil aon nasc ansin? Cén saghas oibre a bhíonn ar siúl ag Culture Ireland? Tugann sé roinnt deontais do cheoltóirí le Gaeilge a bhíonn ag taisteal thar lear agus bíonn sórt smacht ag an gcoimisiún áitiúil air sin.

Tá ceist eile agam. Measaim gur Síle Maguire a luaigh Madrid.

Bhí mé ag féachaint coicís ó shin ar an bhféile Chumann Lúthchleas Gael idirnáisiúnta. Is i Maidrid a bhí sé, bhí sé ar TG4 agus bhí sé go hiontach an dream sin ar fad a fhéachaint, agus Gaeilgeoirí ina measc, ag teacht le chéile in Maidrid agus ag imirt peile den scoth. Bhí sé spreagúil go raibh sé sin agus go bhfuil sé sin ag tarlú agus go raibh sé ag tarlú le Gaeilge ina measc. Sin an ceangal agus gur féidir cuidiú leis na comhluadair bheaga timpeall an domhain, agus Béarla acu go minic ach is minic atá níos mó measa ag Éireannaigh thar lear ar an nGaeilge mar go bhfuil siad ag triail an féiniúlacht sin a léiriú agus is féidir linn cuidiú leo.

Ardaíodh ceist ar Raidió na Life aréir faoi Ghaelscoil a bhunú i Melbourne. Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag na finnéithe faoin bhfeachtas sin. Tá feachtas éigin ann. Bhí mé ag déileáil le dreamanna eile faoi. Ní Ghaelscoil sa ghnáthbhealach a bheadh ann, a bheadh in iomaíocht leis an gcóras oideachais, ach go mbeadh an Ghaeilge ar fáil ag na leibhéil ar fad do chlainne ar an Satharn. B'fhéidir gur sin atá i gceist nó b'fheidir gur Ghaelscoil iomlán é. Níl a fhios agam ach b'fhéidir go bhfuil tuairim ag na finnéithe faoi sin.

Luaim Cantainise. Bhí mé ag ócáid le déanaí do dhaoine a bhíonn ag labhairt Cantainise in Éirinn agus bhí 30 duine ann atá ag foghlaim Gaeilge anseo. Bhí sé go hiontach mar bhí siadsan ag caint faoi na clainne atá acu sa mbaile i gceantair difriúla, gaolta ó na Phillipines, gaolta ón tSín, gaolta ó cheantair eile sa dúiche sin, agus go raibh siad ar fad ag teacht le chéile ag foghlaim Gaeilge agus Conradh na Gaeilge a bhí ag cuidiú leo. Bhí siad ag caint faoi na clainne sa bhaile agus go raibh gliondar orthu go raibh siad in Éirinn ag foghlaim an teanga dúchasach anseo, nach raibh a fhios acu a bheith ann roimhe sin. Bhí níos mó spéise acu ansin.

Luaim ócáidí. Thug na finnéithe an liosta dom ach measaim nach bhfuil gach rud ar an liosta a tugadh mar déanann na missions nó na hambasáid ar fad timpeall an domhain i bhfad Éireann níos mó ná mar a thugaimid sonra de go minic. Bíonn siad ag tacú le hócáidí agus gach uile ócáid a bhí mise aige, in ambasáid nó tithe an ambasadóra, bhí Gaeilge ann agus bhí dreamanna Gaeilge ann agus ní raibh costas i gceist ach bhí siad ann agus measaim gur chóir é sin a cheiliúradh. Tá a fhios agam go raibh, thar na blianta, leabhair i nGaeilge agus tá daoine tar éis a lán díospóireachta a dhéanamh sa choiste seo faoi foilsitheoireacht ach bhí leabhair i Sínis, i mBéarla agus i nGaeilge. Tá a fhios agam go raibh ceann foilsithe ag m'athar ach tá cinn ag comhlachtaí eile foilsitheoireachta gur aistriúcháin iad agus bhí scéim ag Foras na Gaeilge ag cuidiú le haistriúchán. Uaireanta foilsítear in Éirinn amháin iad but bheadh sé tábhachtach, má tá leabhair foilsithe i Spáinnis agus i nGaeilge nó i gCatalóinis, go mbeadh sé foilsithe, ní hamháin in Éirinn, ach sa tír as a thagann an teanga chomh maith. Níl a fhios agam an féidir leis an Roinn díriú air sin agus bíonn ceol agus gach rud eile ceangailte leis, mar a luadh. Tá mé ag caint faoi níos mó ócáidí a bheith ann do na hambasadóirí agus don fhoireann sult a bhaint as an gcomhluadar nó as an gcultúr Gaelach.

Bhí rud nár thuig mé san iomlán sa chur i láthair faoi uirlis darbh ainm "fógraí". Deir an ráiteas tosaigh: "Mar shampla, d’eagraigh sé gur ghlac an Roinn leis an uirlis "Fógraí" anuraidh". An rud é sin chun fógraí a chur ar fáil? Bhí sé sin ag deireadh an chuir i láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.