Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé
Dr. Se?n ? Riain:
Cinnte, aontaím go hiomlán leis an Teachta go bhfuil sé lárnach. An taithí a bhí agamsa go minic, cur i gcás nuair a bhíos i Vienna i mo chéad phost thar lear, labhair duine éigin Béarla liom sa bhfoirgneamh ina raibh cónaí orm agus dúirt sé gur chuala siad go raibh mé ag obair le hAmbasáid na Breataine. Dúirt an duine é seo liom i mBéarla. An rud a dheineas ná freagra a thabhairt ar an nGaeilge agus dúirt mé go raibh mé ag obair le hAmbasáid na hÉireann. Dúras sin i nGaeilge. D’fhéach sé orm agus ansin thosaigh sí ag labhairt Gearmáinise liom. Bhí alltacht uirthi mar bhí sí ag súil le Béarla. Labhair sí Béarla liom gan cheist a chur orm an raibh Béarla agam agus bhí alltacht uirthi nuair a fuair sí freagra i nGaeilge go hiomlán. Ní dúras féin aon rud in aghaidh an Bhéarla ach díreach gur thugas freagra di i nGaeilge agus i nGaeilge amháin. As sin amach, thuig sí gur rud éigin a bhí ionainn agus nach iar-Shasanaigh de shaghas éigin a bhí ionainn. Measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach ar fad an teanga a úsáid agus go gcruthaíonn sé gur pobal ar leith muidne agus gur náisiún ar leith atá ionainn seachas iar-Shasanaigh nó Sasanaigh caillte de shaghas éigin atá ionainn. Déanfaidh mé pointe beag amháin. Luaigh Colm Ó Floinn ansin na cártaí cuairte. Bíonn siad san in úsáid againn – bíonn ceann sa phóca i gcónaí agam - ach tá dualgas anois ar na hoifigigh sa Roinn Gnóthaí Eachtracha Gaeilge a bheith ar an gcárta acu; go háirithe na daoine atá lonnaithe in Éirinn. Bhí sé i gcónaí ag cuid againn ach tá dualgas ann anois gur cheart an Ghaeilge a bheith in úsáid. Is é sin ceann de na dea-thorthaí a tháinig ó Achtanna na dteangacha chomh maith, go bhfuil stádas na Gaeilge ag fás agus ag éirí níos láidre an t-am ar fad.
No comments