Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé
Mr. Colm ? Floinn:
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Chuaigh mo pháistí go léir go Gaelscoileanna. Maidir leis an eagraíocht sin, bheimis in ann rudaí a aimsiú thar lear freisin maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna. Bhí an Seanadóir Ó Donnghaile ag caint faoi Ghaelscoileanna thar lear ach b'fhéidir, mar thús, go bhféadfaí an eagraíocht sin a bheith ag obair leis an Roinn chun smaointe a ghlacadh maidir le múineadh na Gaeilge thar lear.
Más féidir liom a rá, a Chathaoirligh, chomh maith leis an tacaíocht nithiúil a thugaimid do ghrúpaí agus d’imeachtaí Gaeilge thar lear sa Roinn, tá sé tábhachtach freisin na buntáistí a bhaineann le húsáid chuí na Gaeilge san obair taidhleoireachta i gcoitinne thar sáile a mheabhrú dúinn trí aird a tharraingt ar an bhfíric go bhfuil Gaeilge againn sa tír seo, chomh maith lenár gceannas ar an bpríomhtheanga domhanda, gan amhras, an Béarla. Is féidir linn idirdhealú úsáideach a dhéanamh thar lear agus luaigh roinnt daoine cheana féin an t-ábhar sin.
Mar shampla, nuair a bhí mé féin ag obair san Iodáil mar ambasadóir, agus roimhe sin san Fhionlainn, d'úsáid mé roinnt Ghaeilge go ginearálta ag imeachtaí éagsúla agus bhí freagairt fhabhrach i gcónaí leis an úsáid sin. Cuimhním gur labhair mé dhá bhliain ó shin leis na coistí um ghnóthaí eachtracha agus an Aontais Eorpaigh le chéile, sa Camera dei Deputati, is é sin Seomra Dála na hIodáile, le linn dom a bheith ag labhairt faoi Brexit, agus d'oscail mé mo chuid ráitis le níos mó ná cúpla focal i nGaeilge. Ansin, díreach, mhínigh mé céard a bhí á rá agam san Iodáilis ag tabhairt faoi deara, gan amhras, gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh an Ghaeilge, chomh maith lena bheith mar chéad teanga na hÉireann.
Sampla beag eile ná nuair a bhí mé i Heilsincí, d'iarr bunscoil a bhí in aice leis an ambasáid orm dul chun cainte le daltaí de chuid na scoile sin agus thug mé go leor cártaí gnó liom agus thug mé iad do gach páiste sa rang i dtosach báire. Cad ina thaobh sin? D'fhéadfaí a rá go raibh sé sin beagáinín aisteach é sin a dhéanamh le páistí deich mbliana d'aois ach bhí mo chárta gnó i gceithre theanga: An Ghaeilge, an Béarla, an Fhionlainnis agus an tSualainnis agus bhí siad go hiontach mar bhealach chun labhairt leis na daltaí óga seo faoin dátheangachas atá araon in Éirinn agus san Fhionlainn, áit a bhfuil, ar ndóigh, mar is eol, stádas oifigiúil ag an bhFionlainnis agus ag an tSualainnis ansin, is é sin Swedish agus Finnish. Labhair mé leis na daltaí óga, gan amhras, faoin tslí a bhaineann an dá thír, Éire ar agus an Fhionlainn, leas éifeachtach as an mBéarla mar theanga domhanda.
No comments