Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé

Dr. Se?n ? Riain:

Is ea. Freagróidh mé i dtaobh pointe beag amháin, ach i dtosach báire go raibh míle maith ag an Teachta Ó Cuív as na ceisteanna sin. Maidir leis an taithí atá agamsa go pearsanta, tarlaíonn an bhaint atá againn le léachtóir ollscoile go neamhfhoirmeálta agus tugtar cuirí dóibh do na hambasáidí de ghnáth. Bíonn teacht le chéile ar Lá Fhéile Pádraig agus bíonn a lán rudaí ar siúl ag gach ambasáid.

Tugtar cuirí i gcónaí do na daoine atá ag múineadh na Gaeilge sna hollscoileanna. Bíonn sé neamhfhoirmiúil mar sin ach tá an ceart ag an Teachta mar go mb'fhéidir go mba cheart na teagmhálacha sin a bhunú go foirmiúil. Aontaím go hiomlán leis an bpointe a rinne sé maidir le stádas bunreachtúil na Gaeilge. Murach an stádas bunreachtúil a bhí ag an nGaeilge, ní raibh aon seans go mbeadh an stádas sin san Aontas Eorpach againne. Bhí ceann amháin ag brath ar an gceann eile. Is cuimhin liom go maith an Ostair, toisc go raibh baint agam féin leis an Ostair. Bhí an Ostair ar an tír dheiridh agus bhí ar an Taoiseach, Bertie Ahern a bhí ann ag an am, glaoch go díreach ar Phríomh-Aire na hOstaire chun tacaíocht na hOstaire a fháil mar bhí oifigigh de chuid na hOstaire go hiomlán i gcoinne na Gaeilge. Bhí cuid acu ag meas gur saghas pleidhcíochta a bhí ar siúl ag na hÉireannaigh, nach raibh mórán daoine ag labhairt na Gaeilge ar chor ar bith, nach raibh aon ghá leis sin agus gur cur amú airgid a bheadh ann agus mar is eol dúinn ní maith leis na hOstaraigh an iomad airgid a chaitheamh. D'éirigh leis an Taoiseach, áfach, a chur ina luí agus dul i bhfeidhm ar Phríomh-Aire na hOstaire agus thacaigh an Ostair ansin leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. D'éirigh leis agus is mór é an stádas sin. Bunaíodh é go léir i mBunreacht na hÉireann ar dtús, thug sé sin an stádas Eorpach dúinn agus tá an stádas Eorpach sin ag cabhrú chun stádas níos fearr a thabhairt don teanga ar ais in Éirinn. Is saghas ciorcal atá ann agus tá colún amháin ag cabhrú leis an gcolún eile, agus iad go léir ag cabhrú lena chéile.

Is an-smaoineamh é sin mar gheall ar na Polannaigh agus go mba cheart go smaoineoimis ar ranganna Dé Sathairn a eagrú do na hÉireannaigh thar lear, agus ranganna Gaeilge ina measc. Measaim féin go mbeadh an-spéis ag daoine iontu siúd agus, mar a deir an Teachta, ní hamháin do na státseirbhísigh nó do na hoifigigh amháin ach do gach Éireannach a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu. Cad ina thaobh go gcuirfimis teorainn leis? Déanann na Polannaigh é sin agus léigh mé tamall ó shin go bhfuil 130,000 duine in Éirinn a labhraíonn an Pholainnis sa bhaile agus is mór an méid é sin. B'fhéidir go bhfuil cuid acu ag filleadh ar an bPolainn anois ach tugann na Polannaigh sampla dúinn. Tá siad an-dílis dá dteanga féin mar nach raibh aon tír acu sa Pholainn ar feadh 123 bliana; ní raibh aon Pholainn ann. Bhí siad dílis faoin eaglais ansin agus bhí an tsochaí dílis don teanga. Is féidir linn cuid mhaith a fhoghlaim ó na Polannaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.