Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas agus tá fáilte roimh na finnéithe anseo. Tá an méid a bhí le rá acu maidir leis an tairbhe atá le baint as stádas na Gaeilge san Eoraip spéisiúil. Tá scéilín beag taobh thiar de sin sa mhéid is nuair a bhíomar ag iarraidh é sin a chur chun cinn bhí cruinniú agam leis an gCoimisinéir Neil Kinnock a bhí ann ag an am agus is cainteoir Breatnaise ó dhúchas a bhean chéile. Ní raibh an Coimisiún ró-thógtha leis an smaoineamh seo. Dúirt sé liom má fhaigheann an Ghaeilge stádas oifigiúil don Ghaeilge is é an chéad rud eile ná go mbeadh éileamh ón mBreatain Bheag go mbeadh an stádas céanna aici siúd. Bhreathnaigh mé air idir an dá shúil agus dúirt mé nár thuig mé go raibh an Bhreatnais ina teanga oifigiúil sa Ríocht Aontaithe, mar is é sin an t-aonad ag an Ríocht Aontaithe san AE ag an am, ach tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil againne. Bhí an argóint ar fad bunaithe mar go ndúradh go mbeadh fadhb leis an gCatalóinis agus le go leor teangacha eile murach gur Stát ceannasach muid Éire atá ina bhall den AE agus go raibh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil againne. Ceanglaíonn an rud amháin leis an rud eile. Níl aon cheann de na rudaí seo a sheasann neamhspleách ar a chéile agus rinne sé seo an argóint i bhfad níos éasca dúinn. Ní raibh sé éasca agus rinne an Taoiseach ag an am, Bertie Ahern, an-obair air seo mar bhí na Spáinnigh ag cur ina aghaidh go dtí an deireadh agus bhí hOstaraigh freisin, rud nach raibh mé ag súil leis, ag deanamh amhlaidh. D'éirigh leis a chur ina luí orthu nach raibh aon impleachtaí dóibh siúd ann.

Tá sé spéisiúil an oiread tionchair a bhí ag seasamh bunreachtúil na Gaeilge mar scaití bíonn daoine á rá go bhfuil sé sa Bhunreacht mar chéad teanga agus mar phríomhtheanga oifigiúil ach cén mhaith é sin? Ach is sampla é sin cé chomh lárnach bhí an seasamh bunreachtúil sin.

Is é an dara rud ná go gcreidim féin maidir leis an bplé atá le déanamh ar an bpas, mar atá ráite cheana, agus go mbeadh sé fíorthábhachtach go mbeadh an seasamh céanna ag an nGaeilge leis an bpas nua is atá go traidisiúnta i bpas na hÉireann. Bheadh sé sin lárnach agus is ceist fhéiniúlachta í, fiú do dhaoine nach bhfuil dhá fhocal Gaeilge acu. Is ceist fhéiniúlachta don tír é agus taispeánann sé gur tír faoi leith muidne. Tá cúpla moladh ann faoi cé na hainmhithe agus na bláthanna agus rudaí mar sin atá i gceist ann agus ceapaim go mba cheart go mbeadh bó air. Chuirfí an cheist cén fáth bó agus daoine ag iarraidh fáil réidh leis na ba? Ach tá an Táin Bó Cuailnge ann agus bhí an bhó lárnach i litríocht na hÉireann ag dul i bhfad siar go dtí an chianaimsir. Ba iad an t-airgead a bhí ann ag an am ná na beithígh.

Is é an dara ainmhí ná an giorria. Bhí an giorria thar a bheith lárnach freisin sa seanstair agus sna seanscéalta agus go raibh daoine in ann a thiontú ina ngiorriacha agus vice versa.

Maidir le bláthanna, plandaí agus rudaí den chineál sin, bheadh sé fíor-úsáideach breathnú ar logainmneacha agus ar chuileann, mar shampla, a thagann aníos arís is arís eile, agus ar dair freisin. Tá siad sin chuile áit sa tír. D'fhéadfaimis an rud seo atá luaite mar fauna agus flora, mar a thugann siad i mBéarla orthu, a cheangal leis an dúchas agus go mbeadh scéalta taobh thiar dóibh agus loighic stairiúil seanchais ag baint leis.

Bogfaidh mé ar aghaidh. De réir mar a thuigim, cuirtear ranganna i bPolainnis agus i stair na Polainne ar fáil do na Polannaigh agus do na gasúir atá ina gcónaí anseo in Éirinn ag Rialtas na Polainne. Níl aon ghasúr as an bPolainn dall ar a dhúchas féin má tá aon spéis ag na tuismitheoirí go mbeadh an dúchas sin acu. B'fhéidir gur fiú dúinn breathnú ar a leithéid de chlár a chur ar bun áit ar bith a bhfuil Éireannaigh, go mór mór má tá gasúir óga ann le go mbeadh fáil acu ar a leithéid. Níl mé ag caint amháin faoi dhaoine atá fostaithe ag an Stát ach ag caint faoi dhuine ar bith atáim, mar tá sé seo oscailte do Pholannach ar bith sa tír seo. Bítear ag súil go mbeidh siad ag freastal air. Ar ndóigh, nuair a thagann gasúr abhaile ansin ní bheadh aon mhíbhuntáiste ar an duine sin cionn is nach mbeadh aon Ghaeilge acu ná aon tuiscint acu ar an tír seo.

Is é an cheathrú rud eile ná go bhfuil clár réasúnta cuimsitheach ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán ach tabharfaimid Roinn na Gaeltachta air anseo, mar go bhfuil an t-ainm sin ró-fhada a rá faoi dhó. Bíonn an Roinn sin ag maoiniú ollscoileanna ar fud na cruinne. Níl a fhios agam cé na hollscoileanna atá i gceist ach bhíodh Tóiceo na Seapáine agus Uppsala i gceist agus go leor ollscoileanna eile. Tá cuid mhaith díobh i Meiriceá agus bhí siad ceangailte le clár Fulbright ann. Bhí sé ceangailte freisin lena mhacasamhail de chlár Fulbright i gCeanada.

Is cinnte go raibh an Roinn ag íoc nuair a thosaíonn rud mar seo agus cuirtear an cheist cé mhéad atá sí ag íoc in aghaidh na bliana air sin anois. Thosaigh an tionscnamh seo le híocaíocht €30,000 ag an Roinn agus €30,000 ón ollscoil agus bhí duine fostaithe ann. Ba dhaoine as Éirinn a bhíodh ag dul anonn ag teagasc na Gaeilge agus is é sin a bhí i gceist. Bhí a leithéid d’Ollscoil Notre Dame go láidir sa rud seo mar is iontach an crowd iad siúd. Bhí buntáistí móra ag na scoláirí óga a bhí ag gabháil anonn mar go raibh siad in ann cúrsaí a dhéanamh sna hollscoileanna iomráiteacha seo. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, bhí an Ghaeilge á múineadh sna hollscoileanna. Tá a fhios agam agus tuigim ar bhonn áitiúil go bhfuil teagmháil ag an Roinn leis na daoine atá ag múineadh sna hollscoileanna, ach an bhfuil aon teagmháil oifigiúil ag an Roinn leis na daoine seo agus leis an gclár seo? Má tá, an gcreideann an Roinn go n-éiríonn leis an gclár sin, chomh maith leis an nGaeilge a mhúineadh, ach daoine ó Éirinn a lonnú isteach freisin sna hionaid seo agus teagmhálacha nua a chothú don tír, de bhreis ar an nGaeilge, ach, ar ndóigh, lárnaithe ar an nGaeilge sa chéad áit?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.