Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé
Niall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá pointe gasta agam. Maidir leis an rud a luaigh mé faoin nGaeloideachas, sílim go mbeadh a lán spéis ag daoine ar fud an domhain agus i measc an phobail Éireannaigh. Mar atá a fhios ag gach aon duine sa seomra seo, tá a lán taithí acu siúd a bhíonn ag cur tús le Gaelscoileanna a bheith cineál up against it, mar a deirtear i mBéarla. Tuigeann siad go bhfuil deacrachtaí ann. An rud is tábhachtaí nuair atá tú ag cur tús le Gaelscoil ná go mbeadh an bonneagar ann agus go mbeadh an ráchairt ann. Nuair a amharcann muid ar an dóigh ina bhfuil an pobal Éireannach thar lear eagraithe, tá sé thart ar an gCumann Lúthchleas Gael nó a leithéid agus daoine óga ag dul isteach sna cluichí Gaelacha. Sílim gur cheart dúinn smaoineamh cén dóigh go dtig linn idirghníomhú a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus an Roinn s’againn féin maidir leis sin a spreagadh i measc an diaspóra ar fud an domhain.
No comments