Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé
Dr. Se?n ? Riain:
Is mór an chúis áthais domsa labhairt leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí agus leis na Seanadóirí inniu faoi obair na Gaeilge sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tréaslaím leis an gcomhchoiste as an tsárobair atá ar siúl aige ar son na Gaeilge. Anois, léifidh mé an achoimre.
Glacann an Roinn Gnóthaí Eachtracha leis, gan cheist, go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach cumarsáid a dhéanamh leis an Roinn i nGaeilge agus freagra a fháil i nGaeilge. Tá an Roinn tiomanta do bheartas an Rialtais an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun a stádas mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach a neartú. Luafaidh mé cuid de bhearta na Roinne chun na críche sin. Tá ceithre chuid san achoimre.
Baineann an chéad chuid le haonad na nÉireannach thar lear. Tá Éire Dhomhanda: Straitéis Diaspóra na hÉireann 2020–2025 mar bhunchloch chur chuige na hÉireann maidir le rannpháirtíocht diaspóra. Mar chuid di, tá an Rialtas tiomanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a theagasc thar lear, chun acmhainní agus ardáin dhigiteacha d’fhoghlaim na Gaeilge a chur ar fáil thar lear agus chun deiseanna a lorg chun cur le hionaid na Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal thar lear. In 2022, chuir an Rialtas €221,000 ar fáil ón gclár tacaíochta d’eisimircigh, CTE, chun tacú go díreach le tionscadail Ghaeilge ar fud an domhain. Tá sonraí an mhaoinithe seo leagtha amach in aguisín A leis an ráiteas iomlán.
Fairis sin, faigheann ionaid chultúrtha Éireannacha thar lear bunmhaoiniú ón CTE chun a gcláir chultúir agus oideachais a reáchtáil. Is minic go mbíonn ranganna Gaeilge ina measc, mar shampla, san London Irish Centre in Camden agus an Irish Cultural Centre in Hammersmith. I Vancouver, bíonn ciorcal comhrá, tob-Ghaeltachtaí agus ranganna míosúla sa Chlub Gaelach. Bíonn comhoibriú na Roinne leis an gCumann Lúthchleas Gael agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar mhaithe leis an nGaeilge. Cabhraíonn ceiliúradh fhéile Pádraig agus fhéile Bríde freisin le hobair na Gaeilge.
Cuirtear béim faoi leith ar thacú le múineadh na Gaeilge i gcoláistí tríú leibhéal ar fud an domhain. In 2022, maoiníodh 12 tionscnamh de chuid chlár an léinn Éireannaigh ar fud na cruinne ar luach iomlán €188,000.
Leanfaidh mé leis an dara cuid, a bhaineann le hábhar ó roinnt de na hambasáidí agus ardchonsalachtaí. Mar chuid lárnach dá gcuid oibre, tacaíonn ambasadóirí, ardchonsail agus a bhfoirne le cainteoirí agus eagraíochtaí Gaeilge ar bhealaí éagsúla i dtíortha éagsúla, go háirithe le linn na bhféilte Éireannacha agus Seachtain na Gaeilge. Cabhraíonn an nuatheicneolaíocht le teagmháil na dtaidhleoirí le pobal na Gaeilge ar fud an domhain trí úsáid na Gaeilge ar líne. Tá 21 sampla d’obair na misean taidhleoireachta ar son na Gaeilge san aitheasc iomlán. Luafaidh mé sampla amháin. I mBeirlín, tugadh tacaíocht airgeadais do Chonradh na Gaeilge Hamburg de €2,189 in 2022 do ranganna Gaeilge agus, in 2021, tugadh €1,120 d’Ollscoil Leipzig, ina bhfuil mic léinn ag foghlaim Gaeilge. Reáchtáladh mionchúrsa Gaeilge do pháistí mar chuid de Lá Eorpach na dTeangacha 2022, cuireadh postálacha ar na meáin shóisialta agus d'eagraíodh cainteanna poiblí i nGaeilge. Bhí caidreamh le TG4 chun clár faisnéise faoin gCumann Lúthchleas Gael sa Ghearmáin a léiriú. Foilsíodh leabhar dátheangach Gaeilge-Gearmáinise, VERSschmuggel-VÉARSaistear, arna bhunú ar fhéile liteartha a d’eagraigh an ambasáid ina raibh seisear file Gaeilge agus seisear file Gearmáinise. Foilsíodh mórfhoclóir Gaeilge-Gearmáinise, Wörterbuch Irisch-Deutsch, freisin.
Baineann an tríú cuid den achoimre le seirbhísí ón Roinn i mBaile Átha Cliath. Maidir leis an stiúrthóireacht chonsalach, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tiomanta do sheirbhís chomhairle taistil atá go hiomlán dátheangach a sholáthar do shaoránaigh. Tugtar comhairle taistil faoi 199 dtír i nGaeilge agus i mBéarla. Is i nGaeilge atá 20% d’fheachtas cumarsáide samhraidh na Roinne i mbliana faoi thaisteal sábháilte thar lear. Coimeádtar dlúthchaidreamh le hOifig an Choimisinéara Teanga chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Tá suíomh gréasáin na Roinne ar sheirbhísí consalacha go dátheangach.
Ó thaobh Oifig na bPasanna de, déanann seirbhís na bpasanna a dícheall a cuid seirbhísí go léir a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí. Áirítear leis seo foirm iarratais ar pháipéar i nGaeilge chomh maith leis an tseirbhís Pas Ar Líne. Le déanaí, tá feabhas breise déanta ag seirbhís na bpasanna ar an bpróiseas iarratais ar líne i nGaeilge lena chinntiú gur trí Ghaeilge a dhéantar gach cumarsáid leis an iarratasóir a chuireann isteach iarratas trí Ghaeilge. Bhí fógraí Gaeilge mar chuid lárnach dár bhfeachtas faisnéise don phobal i ngeimhreadh 2022 agus earrach 2023, le thart ar 20% den fhógraíocht i nGaeilge idir fógraíocht dhigiteach, chlóite, raidió agus phóstaeir. Ó thús 2023, tar éis tréimhse thar a bheith gnóthach iarphaindéime, tá iarracht déanta ag seirbhís na bpasanna a suíomh gréasáin a thabhairt cothrom le dáta agus an t-ábhar nuashonraithe a fhoilsiú i nGaeilge.
Anois, labhróidh mé faoin aonad cultúir. Cuireadh Gaeilge ar ár dtaispeántas camchuairte nua, Éire agus Breith na hEorpa, a sheol an Tánaiste i bhformáid dhátheangach i gCorcaigh i mí na Bealtaine. Beidh sé ar camchuairt timpeall na hÉireann i mbliana. Rinneamar coimisiúnú ar leagan amhránaíochta Gaeilge nua de "Óid don Aoibhneas" nó "Ode to Joy" mar chuid dár dtionscadal EU50 Ár nAmhrán-Our Anthem. Léiríodh an leagan Gaeilge go forleathan i mbeagnach 500 bunscoil agus iar-bhunscoil. Bíonn Gaeilge le feiceáil gach bliain inár ngearrscannán a choimisiúnaítear do Bloomsday nó Lá Bloom. Bhí saothar Gaeilge le feiceáil in All Strangers Here, díolaim 100 bliain de scríbhneoireacht phearsanta agus chruthaitheach le hoifigigh reatha agus iar-oifigigh na Roinne a foilsíodh in 2021. Chun 1,500 bliain Naomh Colm Cille a chomóradh in 2021, chuamar i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann chun sraith freagraí ealaíne comhaimseartha a choimisiúnú agus taispeánadh clár faisnéise 30 nóiméad fúthu ar TG4. Scannánaíodh Róisín Reimagined, inar sheinn Muireann Nic Amhlaoibh agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann deich amhrán Gaeilge, agus craoladh é ar TG4. Bhain an líonra misean leas forleathan astu.
Bíonn léirithe i nGaeilge i gcónaí i roghchlár na dtaibhithe cultúrtha a úsáideann na misin ar fud an domhain do Lá Fhéile Pádraig. Roinntear iad seo ar na meáin shóisialta. In 2020, d’oibríomar le hAcadamh Ríoga na hÉireann chun taispeántas camchuairte a chur ar fáil chun na naisc idir focail sa tseanGhaeilge agus ár stór focal inniu a fhiosrú. Bhí na misin thaidhleoireachta gníomhach chun taispeántais dhomhanda de "An Cailín Ciúin" a eagrú.
Baineann an ceathrú cuid, an cuid dheireanach, le hobair oifigigh na Gaeilge. Tugann an t-oifigeach cabhair chun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, mar a leasaíodh in 2021 é, a chur i bhfeidhm sa Roinn agus sna misin thaidhleoireachta uile ar fud an domhain. Bíonn Oifigeach na Gaeilge i dteagmháil rialta le hOifig an Choimisinéara Teanga chun a chinntiú go gcloíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha le forálacha uile an Achta de réir mar a thagann siad i bhfeidhm. Mar shampla, d’eagraigh sé gur ghlac an Roinn leis an uirlis "Fógraí" anuraidh chun a chinntiú go mbíonn 20% d’fhógraíocht na Roinne as Gaeilge agus gur sna meáin Ghaeilge a dhéantar 5% ar a laghad den fhógraíocht.
Bíonn grúpa comhrá Gaeilge ar líne gach mí. Bíonn comhghleacaithe ó ambasáidí ar fud an domhain agus ó oifigí na Roinne ar fud na hÉireann páirteach iontu. Tugann an t-oifigeach tacaíocht laethúil do chomhghleacaithe sa Roinn maidir le cearta Gaeilge a chinntiú agus le haistriúcháin go Gaeilge, mar shampla, an t-aistriúchán ar "Óid don Aoibhneas" chun Lá na hEorpa 2023 a cheiliúradh, téacs Gaeilge an chláir chun 25 bliana de Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh, agus téacs Gaeilge dhearbhú úsáid airm phléascacha i limistéir ina bhfuil daonra, EWIPA,18 Samhain 2022. Eisítear nuachtlitreacha míosúla faoi theangacha. Cuirtear ceann acu amach gach mí. Tá an 19ú ceann díreach ullamh againn anois. Díríonn dhá cheann acu go hiomlán ar an nGaeilge - tá siad le léamh san aitheasc iomlán - agus bíonn comparáidí leis an nGaeilge i ngach nuachtlitir.
No comments