Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Teagmhálacha agus Idirghníomhaíochtaí idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cainteoirí agus Eagrais Ghaeilge thar lear:Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leo siúd atá i láthair. Tá ceathrar comhaltaí i láthair, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh, agus cuirfimid tús leis an gcruinniú dá réir. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn go dtí seo. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chomhchoiste agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais. Fearaim fáilte roimh na finnéithe atá anseo linn ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar atá: Síle Maguire, ardstiúrthóir an rannáin acmhainní daonna agus ball de bhord bainistíochta na Roinne a bhfuil cúram na Gaeilge uirthi; Colm Ó Floinn, ardstiúrthóir, rannán sheirbhísí na saoránach; Caoimhín Ó Coigligh, leas-stiúrthóir i rannán sheirbhísí na saoránach; Deirdre Ní Fhallúin, stiúrthóir na pleanála géarchéime agus taistil idirnáisiúnta; agus Seán Ó Riain, oifigeach na Gaeilge agus an ilteangachais. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Is í an cheist atá le plé againn ná na teagmhálacha agus na hidirghníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn ar siúl idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus cainteoirí agus eagrais Gaeilge thar lear agus an tacaíocht a thugann an Roinn dóibh.

Sula cuirfidh mé tús leis an seisiún, caithfidh mé dul trí na treoracha a leanas. I dtús báire meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar d’fhéadfadh na gléasanna seo cur as do chóras chraolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí atá ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus go mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach níl aon fhinnéithe ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil inniu. Ba chóir dúinn a chinntiú chomh maith go mbeidh na micreafóin múchta, má tá lucht freastail ag teacht isteach go fíorúil, nuair nach mbeidh siad ag caint ag an gcomhchoiste.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirfidh siad faoi bhráid an chomhchoiste inniu a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach d’aon duine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach.

Tá sé ríthábhachtach go ngéillfí leis an ordú sin láithreach, má eisítear é. Anois, tá na treoracha ar fad eisithe. Cuirim ar an taifead go bhfuil na Teachtaí McHugh agus Aindrias Moynihan linn ar líne. Bhí an Teachta O'Dowd ann freisin nuair a thosaigh mé ag tabhairt an ráitis sin. Déanfaimid tús a chur lenár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Iarraim ar oifigeach na Gaeilge agus an ilteangachais sa Roinn, an Dr. Seán Ó Riain, a ráiteas tosaigh a thabhairt thar ceann na Roinne. Tá brón orm. Tá Síle Maguire chun é a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.