Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as sin. Céard iad na baic ar dhul chun cinn na scéimeanna sna ceantair bheaga? Tá muid ag caint faoi scéimeanna séarachais sa chás seo. Tá a fhios agam go bhfuil príomhról ag Uisce Éireann mar gheall ar an liosta sin ón EPA agus tá An Spidéal agus An Cheathrú Rua clúdaithe sa liosta sin, áiteanna ina bhfuil an séarachas ag dul amach san fharraige. Sin liosta amháin. Maidir le liostaí eile, céard iad na baic ar dhul chun cinn in áiteanna eile? Tá muid ag caint faoi na hOileáin Árann, Carna, nó Cill Chiaráin, áiteanna mar sin nach bhfuil ar an bpríomhliosta. Céard iad na baic ar dhul chun cinn sna ceantair sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.