Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Idir an dá linn tá brú ollmhór ar phobal Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Níl siad ábalta tithíocht a thógáil sa sráidbhaile agus níl cead acu nasc a dhéanamh leis an gcóras atá ann. Idir an dá linn tá daoine sáite agus ní féidir leo bogadh chun cinn. Beidh orthu fágáil nó stopadh, agus cuireann sé sin bac ar Ghaeltacht, ar phobal Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus ar gach éinne eile mórthimpeall chomh maith.
Táim sásta filleadh ar an bpointe mar gheall ar an truailliú in Abhainn na Laoi am eile, más maith leis an gCathaoirleach, ach tá ceist amháin eile agam a léiríonn cé chomh tapa nó mall is a bhogann Uisce Éireann ar thograí atá riachtanach in áiteanna. Tóg, mar shampla, píobán séarachais a bheadh ag teastáil le hathrú ag rith thíos tríd lár sráidbhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Déantar CCTV air agus ansin bíonn a fhios agat go bhfuil gá le rud éigin a dhéanamh. Cén fhad a thógfadh sé chun cinneadh a dhéanamh agus chun dul ar aghaidh leis sin? An dtógfadh sé sé mhí, bliain nó trí bliana? Cén fhad a thógfadh sé chun a leithéid de chinneadh a dhéanamh?
No comments