Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Chun go mbeidh na daoine seo ábalta maireachtáil sa Ghaeltacht, tá tithíocht uathu. Teastaíonn uathu a bheith ábalta áit chónaithe a bheith acu. An bhfeiceann Uisce Éireann go bhfuil sé ag teacht salach ar iarrachtaí daoine tig cónaithe a bheith acu sa Ghaeltacht? Más rud é nach bhfuil córas séarachais ar fáil, níl daoine ábalta tig cónaithe a thógáil sa sráidbhaile. Níl siad ábalta cónaí sa cheantar agus, dá bharr sin, tá Uisce Éireann ag cur isteach ar Ghaeltacht. An bhfeiceann Uisce Éireann é sin? An nglacann sé leis?
No comments