Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, táimid dírithe ar riachtanais phobal Gaeltachta. Chun go mbeidh Gaeltacht ann, beidh daoine ag teastáil. Ní mhairfidh Gaeltacht gan daoine. Teastaíonn ó na daoine sin go mbeidís ábalta cónaí sa Ghaeltacht. Ní Gaeltacht a bheidh ann má tá na daoine sin scaipthe ar fud na tíre. An aithníonn Uisce Éireann gur gá daoine i gcomhair Gaeltachta agus an tábhacht a bhaineann leis sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.