Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim dírithe ar fhuíolluisce, córais séarachais agus mar sin de. Más féidir dhá nó trí ábhar mhóra a lua, cad iad na spriocanna móra nó an féidir iad a aithint go héasca? Céard a thiomáineann togra amháin chun tosaigh ar thogra eile, pé áit sa tír? An é an líon daoine a bhfuil an togra ag freastal orthu? An é an t-éileamh atá sa dúthaigh, nó an timpeallacht? An bhféadfaí a rá cad iad na spriocanna nó na rudaí is tábhachtaí nuair a bhíonn Uisce Éireann ag roghnú togra amháin seachas togra eile, nó togra ar leith, a chur chun cinn, agus mar sin de?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.