Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Maidir le heagraíocht féin ár bhfinnéithe, chonaic mé an focal nua "outsourcing" ansin. Is é sin an dream atá i gCorcaigh atá i mbun glaonna a fhreagairt. Is comhlacht príobháideach é sin agus nuair a dhéanann muid glaoch ar Uisce Éireann is don comhlacht príobháideach seo i gCorcaigh a chuirtear an glaoch. Is é sin an bealach nó an córas. Cé mhéad daoine acu siúd sa chomhlacht sin a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge nó an bhfuil aon choinníollacha leagtha síos ag Uisce Éireann faoi sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.