Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

B’fhéidir go dtiocfaidh Uisce Éireann ar ais chugainn, tríd an gCathaoirleach, maidir leis na pleananna. Tá frustrachas orm ag an bpointe seo ach cén sórt frustrachais atá ar mhuintir an cheantair? Baineann an cheist seo leis an nGaeilge mar is é seo croílár na Gaeltachta i gConamara, nó ceann de na croíthe, b'fhéidir, mar is dócha mar go mbeadh daoine in áiteanna eile - i gCarna, mar shampla - ag argóint liom faoin gcur síos sin. Is é an rud atá mé ag iarraidh a fháil amach ná cá bhfuil an baile seo ar an liosta tosaíochta agus níl an t-eolas sin faighte agam go fóill. Tá neart ceisteanna curtha agam anois. Maidir le heagraíocht féin ár bhfinnéithe, b'fhéidir go mbeidh siad in ann teacht ar ais, tríd an gCathaoirleach, maidir leis na ceisteanna siúd a shoiléiriú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.