Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Críochnóidh mé i gceann nóiméad. Cén uair a bheidh ionad ar an suíomh sin nó ar shuíomh eile? Más rud é go bhfuil athbhreithniú i gceist ó thaobh an tsuímh de, fáiltím roimhe sin. An é sin an rud atá á rá ag an Dr. O’Reilly mar is é sin an suíomh atá roghnaithe leis na blianta, áit nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ann? Tuigim an chúis taobh thiar de sin mar tá pleananna eile ag an úinéir don suíomh sin. In ainneoin sin, lean Uisce Éireann ar aghaidh leis na blianta á rá gurbh é seo an suíomh. An bhfuil an chiall faighte ag Uisce Éireann anois nach é seo an suíomh agus an bhfuil an chuideachta ag breathnú ar shuíomhanna eile anois?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.