Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is é sin croílár mo cheiste, i ndáiríre. Chuir mé an cheist i gcomhthéacs na tosaíochta nó an pholasaí, is cuma cén focal a úsaidtear, ach níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil na Gaeltachtaí ar aon leibhéal ar an liosta. Níl tosaíocht ar bith dá tabhairt. B'fhéidir go bhfuilim mícheart ach is é sin an léamh atá agam.
Tóg An Cheathrú Rua, mar shampla. Cá bhfuil an togra sin? Tá an sráidbhaile sin i gcroílár na Gaeltachta. Cá bhfuil an plean atá ansin don séarachas atá ag dul isteach san fharraige?
No comments