Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Mr. Richard ? hEadhra:

Chomh maith leis sin, más féidir liom teacht isteach anseo, a Chathaoirligh, d'iarr an Teachta Connolly orainn faoin infreastruchtúr atá á chur ar fáil. Táimid ag caint ar na háiteanna faoi láthair nach bhfuil infreastruchtúr iontu nó atá ar dhroch-chaighdeán. Le deich mbliana anuas, tá Uisce Éireann ar an ród mar go bhfuil go leor oibre agus infheistíochta déanta aige thart timpeall na Gaeltachta. Is cuimhin liom go raibh an Teachta ar an gCeathrú Rua nuair a bhíomar ag oscailt an ionaid cóireála uisce ansin a rachadh chun tairbhe an phobail.

Thuas i nGaoth Dobhair, tá córas nuálach séarachais déanta, áit a raibh fadhbanna séarachais ann leis na cianta. Tá obair mhór á déanamh thart timpeall na nGaeltachtaí ar fad agus, mar a dúirt an Dr. O'Reilly, tá pleananna le haghaidh na n-áiteanna eile. Ach, mar a luamar cheana sa ráiteas laistigh, is beag áit nárbh fhéidir linn a bheith in ann oibriú leis na polaiteoirí chun, b'fhéidir, polasaí agus straitéisí a chur le chéile chun níos mó airde a thabhairt ar cheantair Ghaeltachta. Teastaíonn cúnamh uathu freisin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.