Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Dr. O'Reilly ach ní féidir liom "rest assured". Ní ghlacaim leis sin mar tá sé seo ag dul ar aghaidh leis na blianta. Ní thugann sé sin aon dóchas dom agus tuigim go bhfuil a lán oibre ar siúl ag an gcuideachta. Tá na Gaeltachtaí goilliúnach ar mhórán cúiseanna agus is easpa infreastruchtúir ceann de na cúiseanna is mó i ndáiríre faoi deara sin. Táim ag iarraidh agus ag streachailt lena fháil amach cé chomh hard is atá na Gaeltachtaí ar an liosta tosaíochtaí atá ag na finnéithe. Táim ag díriú isteach ar Ghaeltacht na Gaillimhe agus is dócha go mbeidh daoine eile ag díriú isteach ar Ghaeltachtaí eile ach is pointe ginearálta é. Cé chomh hard ar an liosta is atá sé a éascú do dhaoine maireachtáil sna Gaeltachtaí uile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.