Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Tá sé léite agam agus gabhaim buíochas leis an Dr. O'Reilly as a chuimsithí is atá an cur i láthair. Tá na figiúirí anseo ach ní thuigim, go háirithe ó thaobh na nGaeltachtaí de, cad iad na tosaíochtaí atá ag Uisce Éireann chun a chinntiú go bhfuil bonneagar bunúsach ar an talamh sna Gaeltachtaí. Mar shampla, ní raibh mé ag iarraidh díriú isteach ar chás amháin ach díreoidh mé amhlaidh, mar sin féin, chun an pointe a shimpliú. Tá an Cheathrú Rua gan chóras séarachais le fada an lá. Tá pleananna ann agus níl siad ag dul in aon treo agus, i ndáiríre, tá siad ag dul i gcul-de-sac maidir leis na pleananna atá ann. Ceapaim go bhfuil sé thar am é sin a admháil agus chun pleananna réasúnta a chur ar an talamh ó thaobh céard atá i gceist maidir leis An gCeathrú Rua. Táim ag smaoineamh ar Árainn freisin. Níl a fhios agam cé mhéad ríomhphoist, idir an gcomhairle contae i nGaillimh, an Environmental Protection Agency, EPA, agus Uisce Éireann - an triúr nó an tríonóid - a scríobhadh ag iarraidh a fháil amach cad atá in ann d’Árainn ó thaobh an chórais atá ann atá thar a bheith lochtach. Is iad sin dhá rud. An bhfuil An Cheathrú Rua ar bharr an liosta nó an bhfuil aon áit eile ar fud na tíre sna Gaeltachtaí a bhfuil chomh dona sin nó chomh easnamhach, mar ab b’fhearr a thabhairt air, leis An gCeathrú Rua?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.