Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Bhí mé ag tnúth leis an gcruinniú seo ach faraor beidh orm an cruinniú a fhágáil; mar sin gabh mo leithscéal. De ghnáth fanaim ach tá an ráiteas tosaigh léite agam. Mar sin gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Ní raibh tús maith ag Uisce Éireann de bharr a lán cúiseanna, mé féin san áireamh. Cheap mé gur droch-chinneadh a bhí ann Uisce Éireann a bhunú ach sin an cinneadh a rinneadh. Tá Uisce Éireann ann agus fós tá neart le hoibriú amach ó thaobh oibreacha de. Níl muid anseo leis sin a phlé inniu ach táimid anseo le hinfreastruchtúr sna Gaeltachtaí uilig a phlé. Arís agus arís tá na dreamanna tagtha os ár gcomhair chun a chur in iúl cé chomh deacair is atá sé maireachtáil sa Ghaeltacht gan infreastruchtúr bunúsach, gan tithe agus le cúrsaí pleanála. Tá na rudaí seo go léir fite fuaite. Tá i bhfad níos mó eolais ag na saineolaithe agus ag na daoine ar an talamh atá mar shaineolaithe anois ar cé chomh deacair is atá sé.
Gach seachtain bíonn rud eile. Tá alt ar tuairisc.iea chuireann in iúl chomh feiliúnach is atá staid na Gaeilge agus níl sé ar chumas na clainne an Ghaeilge a chur ar fáil don chéad ghlúin eile. Tá géarghá le hinstitiúid nua sochtheangeolaíochta. Ní bhaineann se sin le hUisce Éireann ach amháin gur sin comhthéacs an chomhrá agus na díospóireachta inniu ar chomh deacair is atá sé ar a lán cúiseanna. Is é Uisce Éireann an dream is tábhachtaí because gan bonneagar ar an talamh, tá sé thar a bheith deacair, nach bhfuil?
Tá neart sonraí tugtha ag Uisce Éireann dúinne ach tá sé deacair iad a chur i gcomhthéacs. Beidh ceisteanna agam maidir le sonraí ar thograí ach tagraím don Ghaeilge ar dtús. Cén fhóram atá ag Uisce Éireann? Dúirt Richard Ó hEadhra go bhfuil Uisce Éireann i mbun oibre ar na dualgais atá aige faoin Acht nua a chomhlíonadh, agus glacaim leis sin. Tá an dualgas sin ar Uisce Éireann, ach ó thaobh anailíse a dhéanamh ar na fadhbanna ar an talamh atá ag cur in aghaidh daoine a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht, cén sórt fóram atá laistigh d'Uisce Éireann? An dtuigeann an finné mo cheist?
No comments