Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Má tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil láithreach agus ar chomh-chaighdeán, tógfaidh mé an ceann Gaeilge ach níl mé chun am a chur amú. An cheist atá agamsa ná seo, agus is ceist phraiticiúil í: nuair a ghlaoim ar cibé líne atá tugtha, brúim uimhir 9 agus níl an duine le Gaeilge ar fáil, an bhfuil rogha agam gan an fón a chur síos agus a bheith ag fanacht ar ghlaoch? An féidir liom glacadh le duine le Béarla?
No comments