Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Baineann sé le pleanáil forbartha tuaithe i ndáiríre.
Tá ceist amháin agam ó thaobh an líne teileafóin. Tá cúpla áisíneacht agus línte teileafón acu. Glaonn tú agus deir siad “má tá tú ag iarraidh seirbhís trí Ghaeilge, brú 1 agus má tá tú ag iarraidh seirbhís trí Bhéarla brú 2”. Brúnn tú uimhir 1 cúpla uair cosúil le hamadán agus deir an guth leat: “Is oth liom nach bhfuil éinne anseo. Fág teachtaireacht agus tiocfar ar ais agat”. Tá tusa ag iarraidh labhairt le duine éigin mar sin an dara nó tríú huair, brúnn tú 2 agus tógann tú an rogha Béarla mar tá tú ag iarraidh labhairt le duine beo atá ann le d’fhadhb a réiteach. An féidir leis an finnéithe a rá linn faoin líne teileafón atá acusan, an bhfaightear freagra ó dhuine, ní ó thaifead, chuile uair agus ansin go ndéarfar leat ansin go gcuirfear an glaoch ar aghaidh chuig duine le Gaeilge? An é sin an córas?
No comments