Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Sa gcás seo, bheadh muid ag rá go bhfuil an fhadhb seo inláimhsithe go náisiúnta, na Gaeltachtaí san áireamh. Is iad na ceantair iargúlta is measa atá buailte leis seo agus go leor de na Gaeltachtaí i gceist. Tá mé ag rá gur chóir é a dhéanamh ar nós an leathanbhanda agus uisce a thabhairt do chuile dhuine nach bhfuil uisce reatha poiblí acu nó uisce reatha ó ghrúpscéim aitheanta d’ardchaighdeán. Níl an oiread sin i gceist ansin. Tá 10% ag brath ar thoibreacha agus soláthar príobháideach, 87% ag brath ar sheirbhís phoiblí agus céatadán beag ar ghrúpscéimeanna. Níl a fhios agam an bhfuil aon eolas ag na finnéithe air seo ach thart ar 15 bliain ó shin bhí scéim ann faoi CLÁR ina raibh muid ag tógáil grúpscéimeanna uisce ar chostas caighdeánach don tomhaltóir. Sé sin le rá, d’íoc siad an méid céanna cuma cé mhéad a chosain an scéim. Cheangal muid na scéimeanna sin ar fad isteach go hUisce Éireann agus rinne sé difríocht ollmhór sna ceantair ina ndearnadh é sin agus go leor ceantair Ghaeltachta san áireamh. Tá na finnéithe ag rá má thógann daoine iad ceart agus de réir na gcaighdeán, rud go gcaithfí a dhéanamh, i bprionsabal, tá siad fabhrach.
No comments