Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sin freagra an-dearfach. Tá fasaigh ann. Rinneadh a leithéid seo go minic cheana le go leor rudaí. Mura ndéanfar rud éigin mar seo, ní tharlóidh sé go brách. Fiú dá mbeadh €200 milliún sa gciste, fós féin ní thiocfadh Uisce Éireann ag na háiteanna beaga seo. Tá sé chomh simplí leis sin, ar an eolas atá tugtha dúinn. Ag an am céanna, mura ndéanfar é seo, beidh meath ar an nGaeltacht. Tá dhá pholasaí ag teacht salach ar a chéile ach nuair a tharlaíonn sé sin, tá tú in ann déanamh suas dó trí chiste faoi leith a chur ar fáil do Roinn le freagracht faoi leith uirthi agus é a fhágáil fúithi sin. Sin an cás a bhí ag muintir Iorras Aithneach mar chonaic siad a leithéid ag obair cheana féin sa Ghaeltacht. Ní raibh mé ag súil go ndéarfadh na finnéithe go ndéanfadh sé é seo mar ní fhéadfaidh siad ach tá siad ag rá go bhfuil fasach ann agus dá mbeadh an t-airgead curtha ar fáil agus na scéimeanna tógtha, go dtógfadh siad iad faoi chúram. Sin an méid atá le rá agam mar dar liomsa tá sé simplí go maith céard a chaithfidh muid a dhéanamh ó thaobh na n-oileán agus an Ghaeltacht.

Is ceist náisiúnta í an dara ceist atá agam ach baineann sí go láidir leis na ceantair Ghaeltachta mar an fhadhb atá ann ná go bhfuil go leor ceantair iargúlta Ghaeltachta ann atá scaipthe. Má théimse go Conamara, tá pócaí anseo agus ansiúd nach bhfuil aon scéim cheart uisce ann ach go mór mór tá póca mór amháin ann, sé sin, ó chrosbhóthar Ros an Mhíl suas go Seanaféistín agus thart ar 50 teach ann. Tá thart ar 10% de thithe na tíre seo nach bhfuil uisce reatha poiblí iontu, nó tá grúpscéim ann ach formhór dóibh sin tá siad ag caint le hUisce Éireann. Glacaim leis go mbainfeadh an prionsabal céanna leis na scéimeanna uisce ach a ndóthain cumas a bheith sna scéimeanna atá ann cheana féin le hualach breise a iompar. I ndáiríre, má bhreathnaítear ar an 10%, tá siad chomh scaipthe ar fud na tíre nach gcuirfeadh sé brú rómhór ar aon scéim uisce. Do 50 teach i ndeisceart Chonamara, ní sin tada ó thaobh úsáid uisce, go mór mór más scéim nua í agus nach bhfuil mórán sceitheadh ann.

Glacaim leis an bprionsabal, dá gcinneadh an Stát go mbeadh scéim ann ar nós mar atá leis an leathanbhanda, sé sin, scéim náisiúnta le huisce poiblí a chur i chuile theach sa tír, go mbeadh Uisce Éireann sásta go gceanglófaí leis na córais atá aige cheana féin ach a bheith sásta go bhfuil a dhóthain uisce sa soláthar poiblí san áit a bhfuil an ceangal á dhéanamh. B’fhéidir go bhfreagródh na finnéithe an cheist sin. Tá mé ag glacadh leis go dtiocfadh 100% den airgead leis na scéimeanna seo a dhéanamh díreach ón Rialtas agus go mbeadh an scéim ar nós an scéim leathanbhanda, sé sin, go mbeadh cinneadh déanta ag an Stát go bhfuil cúpla rud bunúsach ag teastáil ó chuile theach: bóthar, leictreachas, snáithín optach agus uisce poiblí ceart de chaighdeán. Níl aon amhras ormsa dá ndéanfaí tástáil ar an 10% den phobal atá ag brath ar thoibreacha nó uisce ag teacht ón gcloch agus dá ndéanfaí an oiread tástáil agus a dhéanann Uisce Éireann, ag úsáid na parameters ar fad atá Uisce Éireann ag úsáid, go mbeadh siad gan uisce leath den am ó thaobh caighdeán de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.