Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táim chun dul ar ais ag an mbunúdar go bhfuil na finnéithe anseo. Tá sé iontach iad a fheiceáil. Déanfaidh mé iarracht an fhadhb de réir mar a thuigim í a leagan amach go simplí. B'fhéidir go ndéarfaidh na finnéithe liom an bhfuil mé ceart nó mícheart. Ansin, cuirfidh mé chucu réiteach amháin a fheicim ar an gceist.
De réir mar a thuigim, leis an €50 milliún seo, b'údar na ceiste ag an tús ná go bhfuil bailte beaga ar nós Charna, Cill Chiaráin agus mar sin de ar fud na Gaeltachta nach bhfuil aon scéim séarachais iontu, dubh, bán nó riabhach. Tháinig muintir Iorras Aithneach isteach againn agus rinne siad cur i láthair. Is é ceann de na fadhbanna atá ann ná gurb iad cuid de na háiteanna is lú sa Ghaeltacht na háiteanna is treise ó thaobh na Gaeilge de. Luafaidh mé Leitir Mór, Leitir Mealláin, Cill Chiaráin, Corr na Móna, Carna agus mar sin de. Tá eolas ar Richard Ó hEadhra ar chuid mhaith acu seo. De réir mar a thuigim, faoi na critéir atá leagtha amach d'Uisce Éireann ag an Roinn mar gheall ar an €50 milliún do scéimeanna séarachais nua, caithfear na bailte is tréine a dhéanamh i dtosach. Tá Creachmhaoil agus Droichead an Chláirín ag dul i gcruacht ar chuile chluiche. Má bhreathnaíonn muid ar na hoileáin, tá an fhadhb chéanna ann. Ní féidir le Uisce Éireann agus leis na comhairleoirí contae ach na critéir a leanúint. Ag an am céanna, agus is é seo an fáth go raibh mé lochtach go maith ar an bpolasaí oileánda a foilsíodh go gairid, tá polasaí Stáit ann na hoileáin a chaomhnú agus an Ghaeltacht a chaomhnú mar Ghaeltacht. Ó thaobh na Gaeltachta de, ba cheart díriú ar na Gaeltachtaí is láidre i dtosach báire, scun scan ar dhaonra. Tá an dá pholasaí ag teacht salach ar a chéile. Tá an dream atá ag tabhairt an airgid ag rá gur cheart na háiteanna ina bhfuil an daonra is tibhe ag barr an liosta agus obair mar sin.
Tá réiteach ar an gceist a d'oibrigh mé cheana. Tá sé simplí. Ba chóir go gcuirfidh Roinn na Gaeltachta airgead ar fáil as a gcistí féin chun scéimeanna séarachais a chur isteach i gCill Chiaráin, Carna, Leitir Mór agus na háiteanna seo a d'ainmnigh mé. Gheofaí a mhacasamhail i dTír Chonaill. Bheadh critéir ag an Roinn féin bunaithe ar riachtanais agus ar theanga. Dá gcuirfeadh an Roinn maoiniú ar fáil, an mbeadh Uisce Éireann sásta an dearadh agus an tógáil a dhéanamh agus freagracht a ghlacadh as na scéimeanna nuair a bheidís tógtha? Mura dtiocfaimid an bealach seo, ní bhfaighimid aon réiteach. Ar an gcaoi chéanna, dá mba rud é go ndéanfadh rannóg na n-oileán - bhí sé i bhfad níos áisiúla nuair a bhí na hoileáin istigh leis an nGaeltacht ach rinne daoine cinneadh iad a scaradh - den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an rud céanna, an mbeadh Uisce Éireann sásta an dearadh, an tógáil agus an rith a dhéanamh nuair a bheidís tógtha?
Sin an t-aon bhealach, dar liomsa. Féadfaidh muid dul timpeall air seo go brách na breithe ach mura ndéanann muid rud éigin mar seo, ní tharlóidh sé. Tá samplaí de rudaí a rinneadh cheana ar an gcuma chéanna agus d’oibrigh siad thar cinn. Cuireadh airgead isteach in áiseanna de bharr go raibh dhá pholasaí ag dul treonna difriúla agus ba an Roinn leis an treo difriúil a chur an maoiniú ar fáil agus ansin rinneadh an obair. Ansin, i gcás na gcéibheanna nua ar fad a tógadh, mar shampla, ghlac an chomhairle contae freagracht astu. I gcás cáblaí leictreacha a cuireadh isteach ar oileáin, chuir an ESB an córas ar fáil ar an oileán mar a dhéanfadh siad le teach ar bith ach is an Roinn a chur isteach an cábla ón mórthír go dtí na hoileáin, ar na hoileáin atá an-bheag. Sin an cheist atá agamsa mar, dar liomsa, sin an t-aon réiteach ar an gceist. Ba mhaith liom barúil na bhfinnéithe a fháil ar a mhacasamhail sin de mholadh.
No comments