Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá ceist amháin agam faoin mhangainéis. Tá a lán fadhbanna maidir le mangainéis i nDún Dealgan faoi láthair. Thuairisc mé cheana féin go bhfuil a lán staidéir á dhéanamh ag Uisce Éireann, an EPA agus achan duine eile. Níl daoine cinnte cén fáth a bhfuil níos mó mangainéis san uisce. Maidir leis an bhfadhb atá i nDún Dealgan, deir na finnéithe go bhfuil sé sláintiúil nó mar sin de ach bíonn an t-uisce an-dorcha ar fad ó am go ham. Déantar flushing agus a leithéid. Bhí na finnéithe ag caint faoi scéim nó córas chun déileáil leis an mhangainéis. Bhí siad ag caint le comhairleoirí Chontae Lú agus dúirt bail d'Uisce Éireann go nglacfadh sé roinnt blianta chun an scéim seo a chur i bhfeidhm. Tá mé ag iarraidh a fháil amach cén cineál scéim a bhfuilimid ag caint faoi agus caidé an timeline air mar tá mé rud beag buartha faoi amlíne de chúpla bliain.
No comments