Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ní raibh mo chomhghleacaí an Teachta Ó Dochartaigh in ann teacht chuig an gcruinniú inniu, ach d'iarr sé orm trí cheist maidir le Dún na nGall a ardú ar fhaitíos go bhfuil na finnéithe á gceistiú féin cén fáth go bhfuilim chomh buartha sin faoi. Tá trí cheist ann. Tá na huimhreacha tagartha agam ach muna bhfuil aon fhreagra ag na finnéithe anseo, b'fhéidir go mbeimid in ann labhairt faoi tar éis an chruinnithe nó rud éigin mar sin. Baineann ceist amháin le Doire Beag. Tá caora laistigh de bhalla atá mórthimpeall ar fhoinse uisce ansin. An bhfuil na finnéithe tar éis breathnú air sin nó iniúchadh a dhéanamh agus an bhfuil réiteach acu ar an gceist? An gcuirfidh mé an trí ceist le chéile nó ar mhaith leo teacht isteach ar an gceist sin?
No comments