Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé suimiúil is dócha. Níor smaoinigh mé ar an Astráil ach ar ndóigh tá an tír chomh mór sin agus tá oileáin amuigh ansin freisin. Tá sé sách suimiúil. Baineann an cheist eile atá agam leis an fhadhb a bhí ar Inis Bó Finne anuraidh leis an mangainéis. An é sin a bhí i gceist? An gcreideann na finnéithe go mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí mar sin ann arís? B’fhéidir nach bhfuil siad ag iarraidh é sin a rá anois ach cén cineál plan a chuirfidh siad i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtarlaíonn sé arís i mbliana nó an rud fadtéarmach é atá ag braith ar an dtuairisc sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.