Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá sé sin iontach. An bhfuil a fhios ag Des Joyce cé chomh fada is a thógfaidh sé sin? Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair, uaireanta, fios a bheith ag duine cé chomh fada is a thógfaidh tuairisc mar sin a chur i dtoll a chéile. Ar bhreathnaigh Uisce Éireann riamh ar thíortha eile a bhfuil na deacrachtaí céanna acu agus faoin mbealach inar féidir leis na tíortha sin an jab sin a dhéanamh?
Tá a fhios agam gur ceist an-simplí í seo ach cén fáth go bhfuil a dhóthain uisce ar Inis Mór ach níl sé ar Inis Oírr? An é go bhfuil sé mar gheall go bhfuil Inis Mór níos mó? Cén bealach a oibríonn sé sin? Cén fáth nach bhfuil na deacrachtaí sin ar an oileán sin mar go bhfuil na mílte ag dul go Inis Mór freisin?
No comments