Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé sin suimiúil agus tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ar leith mar gheall gur oileán amach ón gcósta é.

Baineann an dara ceist atá agam leis na deacrachtaí atá ar Inis Oírr thar oíche mar nach bhfuil daoine in ann uisce a úsáid, agus mar sin de. Tá a fhios againn gach uile bhliain go dtiocfaidh na mílte turasóirí chuig na hoileáin - is dócha go mbeinn féin ina duine díobh - agus an cineál brú a chuireann sé sin ar chúrsaí uisce. Céard é an plean fadtéarmach mar ní féidir a rá gach uile bhliain nach mbeidh an t-uisce á úsáid thar oíche? Céard é an plean nó an fhís atá ag Uisce Éireann chun déileáil leis seo, mar tá a fhios agam agus tuigim go bhfuil go leor airgid i gceist? Bheadh sé sin suimiúil dúinn mar is féidir linn é sin a ardú freisin agus a fheiceáil cén bealach gur féidir linne rud éigin a dhéanamh faoi sin. Cén bealach gur féidir le hUisce Éireann déileáil leis sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.