Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tuigim é sin agus b'fhéidir gurbh í sin an cheist a chuirfidh mé ar an Aire, nó tiocfaidh mé ar bhealach eile chun an ní sin a ardú. Caithfidh mé a rá nach luíonn sé le ciall domsa ar chor ar bith. Tuigim an méid atá á rá ag an Dr. O'Reilly go bhfuil scéimeanna ann chun an t-airgead sin a chaitheamh. Mar a dúirt an Seanadóir Kyne, nuair a bhreathnaíonn muid ar Ghaillimh - táimid beirt inár gcónaí ansin - is í an fhadhb atá ann ná go bhfuilimid ag feiceáil go bhfuil airgead ann i gcomhair dhá cheann in oirthear na Gaillimhe. Tá sé sin togha agus ar ndóigh teastaíonn na háiseanna seo ó chuile dhuine - níl mé ag rá nach dteastaíonn - ach táimid anseo chun plé a dhéanamh ar cheantair Ghaeltachta. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé iontas orm nach bhfuil an t-airgead ar fáil d’áit sa Ghaeltacht. Tuigim anois ón bplé a bhí ann le daoine éagsúla nach bhfuil sé sin faoi chúram Uisce Éireann ach caithfidh mé a rá go gcuireann sé iontas orm nach bhfuil sé sin faoina chúram. Ní thuigim cúis an cinnidh sin.
Chomh maith leis sin, cuireann sé iontas orm mar tá a fhios agam na deacrachtaí atá ann mar gheall ar chúrsaí pleanála, agus mar sin de, mar gheall ar an gcóras séarachais agus na himpleachtaí atá aige sin. Nuair atáimid ag iarraidh breathnú ar cheantair láidre Ghaeltachta agus ag iarraidh a chinntiú go bhfuil daoine in ann a gclann a thógáil in áit Ghaeltachta ionas go labhraíonn daoine Gaeilge, agus mar sin de, cuireann sé an-iontas orm nach bhfuil na hionaid seo faoi chúram Uisce Éireann ach b'fhéidir go bhfuilim go hiomlán mícheart. Ardóidh mé an cheist seo i bhfóram eile. Chomh maith leis sin, cén fáth nach bhfuil an t-airgead ar fáil freisin i gcomhair ceantair Ghaeltachta? Caithfidh mé a rá gur rud polaitiúil é sin agus tá a fhios agam nach féidir lenár n-aíonna aontú liom, fiú amháin má tá siad ag iarraidh é sin a dhéanamh. Ba é sin an chéad rud agus táim an-buartha faoi sin mar tá a fhios agam go gcuireann sé as do dhaoine atá ag iarraidh teach a thógáil agus tá deacrachtaí uafásacha pleanála sna ceantair Ghaeltachta.
Tar éis é sin a rá, bhí an Dr. O'Reilly ag rá ansin go raibh sé chun tuairisc a dhéanamh maidir le hInis Mór. An bhfuil a fhios aige cén uair a bheidh sé sin críochnaithe?
No comments