Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 21 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus lenár n-aíonna as teacht os comhair an choiste. Tá go leor de na ceisteanna curtha cheana féin. Iarraim faoi rud amháin mar ní raibh a fhios agam go dtí cúpla mí ó shin faoi na hionaid fuíolluisce, na cinn atá faoi Uisce Éireann agus na cinn nua nach bhfuil. Is dócha go raibh sé sin sa phlean a bhí i gcónaí ag Uisce Éireann. Bheinn féin buartha, mar a dúirt an Seanadóir Kyne ansin, go bhfuil ceantair thart ar Chonamara agus thart ar an nGaeltacht nach bhfuil na hionaid fuíolluisce atá ag teastáil acu. An bhfuil plean ag Uisce Éireann go mbeidh sé ag obair leo siúd nó an bhfuil sé fós ina phlean go mbeidh Uisce Éireann ag déileáil leo siúd atá ann cheana féin seachas ionaid nua a chruthú? Murar thuig mé an méid sin i gceart iarraim ar ár n-aíonna é sin a rá liom lena dtoil. Is í sin an chéad cheist atá agam.
No comments