Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Ag dul ar ais ag an easpa scéime sa Cheathrú Rua, tá muid ag caint faoi seo le blianta fada anuas. Tá a fhios agam go bhfuil pleananna ag Uisce Éireann agus go bhfuil cuid de na daoine áitiúla ina aghaidh agus go bhfuil próiseas ansin ó thaobh an CPO. An bhfuil na finnéithe sásta go mbeidh dul chun cinn ar an togra sin sa ghearrthéarma agus go mbeidh siad in ann ionad séarachais a thógáil? An bhfuil siad sásta go bhfuil an suíomh ceart acu nó an bhfuil pleananna eile acu chun suíomh eile a fháil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.