Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Na Seirbhísí Uisce agus Séarachais a chuireann Uisce Éireann ar fáil i gceantair Ghaeltachta: Plé.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Tá dhá cheist fágtha agam. Ó thaobh uisce ar Inis Oírr sna hOileáin Árann, bíonn fadhbanna ann chuile bhliain mar go bhfásann an daonra le turasóirí. Tagann thart ar 3,000 duine isteach agus amach in aghaidh an lae ó Dhúlainn agus Ros an Mhíl agus ar an eitleán, rud a chuireann brú ollmhór ar an soláthar uisce ar Inis Oírr. Tá Uisce Éireann ag déanamh an-obair ó thaobh uisce a thabhairt amach ag an oileán chun déileáil leis an bhfadhb ach an bhfuil aon phleananna fadtéarmacha ann chun an soláthar a fheabhsú ar an oileán?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.