Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla mioncheist agam a ardaíodh linn agus b'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann iad a fhreagairt.

Cathain a bheidh múinteoirí in ann clárú i nGaeilge leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar líne? Ní féidir leo é sin a dhéanamh faoi láthair. Caithfidh siad é a chasadh go Béarla agus cruthaíonn sin moill. Cathain a bheidh sé sin ina fhéidearthacht?

Maidir leis an bpolasaí don Ghaeilge ón luathoideachas agus suas go dtí an tríú leibhéal a fhoilseofar an bhliain seo chugainn, an bhfuil sé i gceist é a cheangal leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, FTCE, agus go mbeidh leibhéal áirithe ann? Má táimid ag úsáid an leibhéal sin, mar a luaigh mé, B2 don státseirbhís, ba chóir go mbeadh muid ag díriú air sin tríd an gcóras oideachais.

Tá ceist eile agam atá beagáinín níos casta. Fuair mé freagraí ar maidin ar cheisteanna a chur mé i scríbhinn maidir le comhairle. Bhí mé ag iarraidh fáil amach an bhfuair an tAire nó an Roinn cinneadh a ghlacadh maidir le rudaí difriúla le comhairle ó COGG. Ceann de na trí rud a bhí i gceist ná cinneadh maidir leis an laghdú a tharla, nó atá le tarlú, ar theagasc i nGaeilge ag leibhéal na mbunscoileanna. An bhfuair an tAire, nó an Roinn, comhairle ó COGG sular glacadh le sonraíocht nua don tsraith shóisearach sa mheánscoil?

Baineann an pointe deireanach air sin le comhairle ar pháipéar 1. Bhí sé i gceist páipéar 1 a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. Tagraím do na cinn maidir leis an tsraith shóisearach agus an cúigiú bliain agus na hathruithe eile a bhí á bplé agus a tharraing an Roinn siar uathu. An bhfuil sé i gceist dul ar ais chucu siúd roimh nó i ndiaidh an pholasaí nua? Is í mo thuairim féin ná gur chóir iad ar fad a chur ar athló agus aon chinneadh maidir le scolaíocht trí Ghaeilge nó faoin nGaeilge a chur ar athló go dtí go bhfuil an polasaí iomlán foilsithe agus ansin déileáil le haon rud eile a bheadh gafa nó ceangailte leis sin. Is iad sin na ceisteanna ar fad atá agam faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.