Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire agus lena hoifigigh. Táthar ag caint faoi aonaid lán-Ghaeilge nuair atá daoine ag lorg coláistí lán-Ghaeilge. Níl mé cinnte faoi na haonaid. Bhí cuid mhór fadhbanna maidir le Coláiste Lú agus a leithéid agus tá an Roinn ag amharc ar scoil satailíte faoin am seo. Cad é tuairim an Aire faoi sin? Caithimid amharc ar an bhfigiúr fosta mar nuair a táimid ag caint ar thresholds, cad é an figiúr? An bhfuil sé 250 nó 400? Caithimid amharc ar fhigiúr atá i bhfad níos ísle ná sin because níl seo ag obair. Caithimid é sin a dhéanamh ionas go mbeimid in ann cuid mhór athruithe a dhéanamh maidir le déileáil leis an bhfadhb seo atá againn. Níl an córas maidir le haonaid maith go leor faoin am seo. Níl sé ag obair agus caithimid amharc ar modhanna eile chun déileáil leis an bhfadhb seo. Níl mé cinnte faoi scoil satailíte ach caithimid triail a bhaint as agus tchífimid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.