Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam. Maidir leis an 400 atáimid díreach tar éis a bheith ag caint faoi, tá sé beagáinín ró-ard i mo thuairim féin má táthar ag díriú ar bhaile cosúil leis an Muileann gCearr nó ceantair eile. Táimid ag caint faoi diúltú meánscolaíocht i nGaeilge do pháiste munar féidir teacht ar bhreis is 60 páiste eile a bheadh in ann dul isteach leo chun tús a chur le meánscoil. Luaigh cainteoirí níos luaithe Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin. Bhí mé i gColáiste Eoin nuair nach raibh ach sraith amháin de ranganna ann. Ní raibh an scoil chomh mór sin nuair a bunaíodh í. Nuair a bunaíodh an scoil ar dtús, ní raibh ann ach roinnt seomraí le tuairim is 20 duine i ngach uile rang. Tá athrú tagtha ar an bpolasaí; tuigim sin. Tá gá le infheistiú a dhéanamh i bhfoirgnimh agus mar sin de. Ó thaobh na Gaelscolaíochta de áfach, tá an figiúr i bhfad Éireann ró-ard.

Tuigim cad atá á rá faoi aonad. Ní hamháin nach dtaitníonn aonaid le Gaeilgeoirí ach ní thaitníonn siad leo siúd atá ag rith scoileanna Béarla toisc go gcuireann siad as don chóras agus do chur chuige atá ag na scoileanna. Oibríonn siad anois agus arís ach go fíor annamh. Is meánscoil, agus fiú bunscoil, lán-Ghaeilge ann féin atá de dhíth ag an gcuid is mó do na háiteanna agus tá an t-éileamh ann. Luadh Baile Átha Cliath 2, 4, 6, 8 agus 10 agus 12 chomh maith, mar níl aon Ghaelscoil i gceachtar na háiteanna sin ach an oiread. Tá an t-éileamh ann ach níl an Roinn tar éis déileáil leis an éileamh sin.

Níl spás i gColáiste Eoin nó i gColáiste Íosagáin. Chríochnaigh m’iníon ann breis agus bliain ó shin. Fiú má chuirtear leis an bhfoirgneamh, úsáidfear an spás breise sin do dhaltaí ó na scoileanna atá sa cheantar cheana féin, ní hamháin na Gaelscoileanna mar tagann daoine ó scoileanna Béarla sa cheantar chuig Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin cheana féin. Mar sin má chuirtear 100 nó 200 áit bhreise ar fáil, líonfar iad ó na scoileanna sa cheantar. Ó thaobh Coláiste an Phiarsaigh de, níl sé mór go leor chun glacadh leis an breis is 100 ón 118 dalta a bheidh ag fágaint na bunscoileanna ar fad a luaigh an Teachta Andrews nuair atá siad i rang a sé. Níl siad ar fad ag an leibhéal sin faoi láthair ach ní bheidh Coláiste an Phiarsaigh in ann an t-éileamh atá ann a shásamh. Sa deireadh thiar thall, is é sin ceann de na príomhrudaí. Níl siad ann ina iomláine mar tá dhá chontae in easnamh ach an fáth gur chuir mé na figiúirí ar na contaetha sin ós comhair an choiste ná toisc gurb iad sin na háiteanna ina bhfuil éileamh ann don Ghaelscolaíocht ach nach bhfuil sé á shásamh. Tá gá le hathrú. B'fhéidir go mbeimid ar fad in ann teacht ar an athrú sin amach anseo leis an bpolasaí nua lena bhfuilimid ar fad ag tnúth. B'fhéidir go ndéanfar díriú isteach ar an bhfigiúr sin de 400 a ísliú nó bealaí eile a aimsiú chun cuidiú leis an nGaelscolaíocht lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta.

Níor dheineamar deileáil leis na ceantair Ghaeltachta inniu in aon chor agus tá ceisteanna ansin. Tá a fhios agam go bhfuil aonad ar leith ann ó thaobh na Gaelscolaíochta de ach tá brú ar leith i gcónaí sna ceantair Ghaeltachta áit nach bhfuil an daonra ann ar aon chaoi; ní Gaeilgeoirí nó Béarla ach an daonra i gcoitinne. An cheist ná conas is féidir linn tacaíocht bhreise a thabhairt do scoileanna a bheadh i mbaol dúnadh. Chonaic muid roinnt tairiscintí á thabhairt le déanaí do chlanna le bogadh isteach i gceantar le gur féidir leis an Roinn Oideachais cuidiú leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis an údarás, nó le pé dream atá ag iarraidh cuidiú le ceantair atá faoi bhrú. Sna ceantair sin ina bhfuil daoine ón Úcráin ann, tá siad breá sásta agus níl bac ar bith orthu an Ghaeilge a fhoghlaim. Ní gá dóibh díolúintí a fháil agus iad ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta rud atá ait nuair a chuirtear an plé a rinneamar níos luaithe san áireamh.

Tá gá práinneach leis an bpolasaí a luaigh an tAire toisc go bhfuil dúshláin ar leith ann, sa sochaí i gcoitinne agus sa chóras státseirbhíse ach go háirithe, níos mó Gaeilgeoirí a fháil le leibhéal B2 acu chun go mbeadh an státchóras in ann an méid atá sa dlí a shásamh, is é sin go mbeadh 20% dóibh siúd atá le hearcú tar éis 2030, go hiomlán inniúil sa Ghaeilge. Dár ndóigh, tá dúshláin eile ann maidir le múinteoirí le Gaeilge agus múinteoirí Gaeilge a bheith ar fáil agus maidir le cuidiú chun polasaí an Stáit an Ghaeilge a tharrtháil agus a chur chun cinn níos mó.

Tá ceist nó dhó eile agam ach b'fhéidir gur féidir díriú ar an méid sin i dtús báire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.