Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sa chás sin, scata bíonn nós ann cúiseanna a fhógairt a chiallaíonn nach féidir dul ar aghaidh mar go mb'fhéidir go dtarlóidh rud éicint. Tarlaíonn sé agus gheofar réiteach air. Feicim leis na scoileanna áitiúla thart orm, má tá spás ann beidh leo, ach tagann fás agus forás ar an scoil agus bíonn spás breise ag teastáil.

Is é an Stát a bheidh ag íoc as ar aon chaoi. Tá súil agam go dtógfaidh sé dearcadh praiticiúil faoi seo. Táim cinnte go dtógfaidh an tAire a leithéid de dhearcadh ach cé a thiocfaidh ina diaidh? Ní bheidh sí ann go brách. Caithfimid a bheith praiticiúil faoi rudaí. Is é an rud atá ag coinneáil siar an tír seo faoi láthair ná go bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh gach rud 100% slán, ní amháin anois ach don todhchaí. Níl tada sa saol seo slán don todhchaí. Tá sé sin feicthe agam i mo shaol. Cé a cheapfadh riamh go dtiocfaidh an lá nach mbeadh bainc le hairgead i ngach aon sráidbhaile agus baile beag in Éirinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.