Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, aontaím leis an Aire go hiomlán. Tá súil agam go dtiocfaidh an lá go mbeidh naíonra agus naíolann ceangailte le chuile scoil. Is é an rud ciallmhar é do thuismitheoirí agus déanann sé ciall. Feicim go leor scoileanna tuaithe atá á dhéanamh cheana féin, agus iad siúd atá á dhéanamh, tá siad ag fás mar tá na tuismitheoirí in ann na gasúir a fhágáil sa scoil nó, b'fhéidir, i gcás amháin, i sean teach an tsagairt atá a úsáid mar naíolann, ach sin ceist eile. Tagann an scéim early childhood care and education, ECCE, faoin Aire agus faoin Roinn Oideachais, agus tagann naíolanna faoin Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. The crèche comes under the Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth agus tagann an ECCE faoin Roinn Oideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.