Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
-----Meán ach tabhairfimid Roinn na Gaeltachta air. Tá siad ainmnithe ag Roinn na Gaeltachta mar cheantair speisialta leis an teanga a fhorbairt iontu. An mbeidh an Roinn Oideachais ag plé leo sin? Ceann de na rudaí a bhí lárnach don choincheap sin, nuair a tosaíodh é, ná go mbeadh naíolann, naíonra, bunscoil, meánscoil, iarchúram scoile, clubanna, imeachtaí agus chuile chineál rud ar fáil agus ar bun trí Ghaeilge agus go ndéanfaí pobal Gaeilge a fhorbairt. An mbeidh plé faoi leith á dhéanamh maidir leis na ceantair sin le cinntiú go mbeadh na tacaíochtaí oideachais trí Ghaeilge ar fáil sna ceantair sin atá ainmnithe ag an Roinn, ón naíonra suas go dtí deireadh na meánscoile?
No comments