Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire. Tá an plé seo thar a bheith spéisiúil. Ag éisteacht go cúramach, breathnaíonn sé go bhfuil an dá pholasaí mhór ag teacht salach ar a chéile. Deireann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge:

Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

Is polasaí an-soiléir a bhí aontaithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna sa bhliain 2010 é sin. Réitíodh an straitéis mar a réitíodh í le go mbeadh na Ranna éagsúla páirteach sa straitéis chun nach bhféadfaidís a rá go ndúirt duine neamhspleách na rudaí atá inti agus nach n-aontaíonn an Roinn leo. D'aontaigh an Roinn leis an straitéis. Anois, tá sé ráite linn tráthnóna - tá sé thar a bheith úsáideach an tuiscint seo a fháil - nach bhfuil aon pholasaí mar sin ann i ndáiríre. Is polasaí bunaithe ar dhéimeagrafaic amháin atá i gceist. San áit ina bhfuil dóthain scoileanna, fiú mura bhfuil aon soláthar Gaelscoileanna ann, níl aon pholasaí deimhnithe maidir leis an gcaoi ina dhéanfar freastal ar an riachtanas do Ghaelscolaíocht.

Is sampla iontach é an ceantar a luadh, Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Is scoil amháin iad Coláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin i ndáiríre. Is scoil cailíní taobh le scoil buachaillí atá i gceist. Ag an am nuair a bunaíodh é, bhí sé nua-aimseartha go mbeadh na cailíní agus na buachaillí taobh le taobh. Ar ndóigh, dá mbeadh sé á bunú inniu, is scoil amháin a bheadh ann. Roinneann an dá choláiste múinteoirí agus acmhainní agus tá siad ar champas amháin. Tá sé sin lán. Mar dhuine a tógadh in D4 agus a chuaigh ar scoil i gCnoc Mhuirfean, mar ní raibh aon Choláiste Eoin ag an am, táim ag rá leis an Aire nach féidir fáil amach go Ráth Fearnáin ná ar ais. Níl aon bhus ag dul an bealach sin. Bheadh sé sách fada le rothaíocht freisin. Tá a fhios agam go raibh muidne thar a bheith eisceachtúil ag fás aníos toisc go raibh muid ag dul chomh fada sin i mBaile Átha Cliath le dul ag an scoil. Admhaím go dtéann gasúir thuaithe i bhfad níos faide ag an scoil ach ní mar an gcéanna cathair agus tuath. Caithfimid é sin a thuiscint.

Sa dúiche gurb as mé, tá scoileanna as éadan. Níl mé chun iad a liostáil amach anseo. Tá scoileanna do chailíní agus buachaillí timpeall na háite sin. Mar sin, tá sé deacair a rá le gasúir go gcaithfidh siad dul i bhfad ó bhaile le dul ag an scoil ach, má tá siad ag iarraidh oideachas trí Bhéarla, go bhfuil sé ar fáil acu díreach síos an bóthar. Mar sin, tá ceist shonrach agam. Luaigh an tAire go bhfuil go leor gasúir ag dul ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil ag dul ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge, agus creidim go bhfuil an ceart aici. Is í an cheist atá agam ná, an athraíonn an coibhneas ó thaobh daoine ó na Gaelscoileanna a théann ag an meánscoil lán-Ghaeilge de réir chomh fada is atá an Ghaelscoil agus an iar-bhunscoil scartha óna chéile? An dtuigeann an tAire an rud atá á rá agam? Má tá cluster mór Gaelscoileanna in áit amháin agus má tá iar-bhunscoil atá i bhfad níos faide ó chuid de na scoileanna ná ó chuid eile, an dtéann níos lú de na gasúir atá ag na scoileanna i bhfad amach ag an nGaelscoil lárnach mar go bhfuil an t-aistear rófhada? B'fhéidir go bhfuil sé éasca go maith dul ag an mbunscoil agus go mbeadh an-stró ar na gasúir sin dul ag an meánscoil agus nach mbeidís lena gcairde má dhéanann siad é sin. Feictear dom nach féidir é sin a chur as an áireamh má bhíonn tú ag scrúdú na ceiste seo. Tá sé éasca breathnú ar fhigiúirí ach caithfidh tú breathnú taobh thiar de na figiúirí agus fáil amach cén fáth go bhfuil rud ag tarlú.

I gcás Bhaile Átha Cliath, an áit is mó a bhfuil eolas orm uirthi taobh amuigh den cheantar tuaithe ina bhfuil mé, caithfidh tú breathnú ar threo na mbusanna, ar na háiteanna sa gcathair a bhfuil traenacha ag dul chucu agus ar cá bhfuil an t-iompar poiblí. Ní féidir le chuile thuismitheoir an carr a thógáil go dtí an scoil. Bheadh an tAire, an Teachta Eamon Ryan, ar buile. Mar sin, má tá daoine ag dul píosa ó bhaile le dul ar an scoil, caithfidh go mbeadh bus ag dul ó áit amháin go háit eile.

Shoiléirigh na finnéithe an pointe a bhí agam maidir le cé mhéad bunscoil agus Gaelscoil atá bunaithe. Tá áthas orm go bhfuil an plean nua seo le foilsiú an bhliain seo chugainn. Is dóigh go mbeidh sé ina chuidiú ollmhór. An mbeidh polasaí sonrach á fhorbairt maidir le bunú Gaelscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaelach istigh sa bplean nua nó sa bpolasaí nua um oideachas lán-Ghaeilge an bhliain seo chugainn? An mbreathnófar as an nua ar fad ar fhachtóirí taobh amuigh de na déimeagrafaic maidir le bunú Gaelscoileanna mar chuid den pholasaí seo? Faoi láthair, tá sé fíor le rá go bhfuil na Gaelscoileanna i gcóras iomaíoch le scoileanna Béarla agus go roghnaítear an Béarla an chuid is mó den am. Tá rudaí beaga déanta chun é a chothromú beagáinín, ach is léir nach bhfuil sé ag freastal ar an méid a bhí ráite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge i ndáiríre. Go simplí, ní dhéanfaidh próiseas atá bunaithe ar fhás daonra amháin freastal ar riachtanais forbartha oideachas lán-Ghaeilge.

Bogfaidh mé go dtí an chéad rud eile gur mhaith liom a thógáil. Creidim féin go pearsanta go mba cheart go mbeadh naíolann agus naíonra ceangailte do chuile bhunscoil sa tír agus iad á rith ag an Stát ach fágfaimid é sin ar leataobh inniu. An mbeidh sé mar chuid den pholasaí nua maidir le cúrsaí oideachais trí Ghaeilge go mbeidh naíonra ceangailte le chuile bhunscoil lan-Ghaelach, chomh fada agus is féidir? Táimid ag feiceáil níos mó agus níos mó go bhfuil tarraingt ag scoileanna a bhfuil naíonraí agus naíolanna ceangailte leo. Is í an cheist atá agam ná, an mbeidh sé sin istigh sa bpolasaí nó an mbeidh an Roinn á thógáil san áireamh don pholasaí sin?

Tá an tAire anseo píosa fada. Ní choinneoidh mise í le moill bhreise ach tá moladh amháin eile gur mhaith liom a dhéanamh. Tá riar maith meánscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaelach faoi chúram education and training boards, ETBs, ach tá na scoileanna lán-Ghaelach mar mhionlach taobh istigh de Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. An smaoineodh an tAire ar ETB amháin a bhunú a dhéanfadh freastal ar bhunscoileanna agus meánscoileanna a thagann faoin gcóras ETB? Níl mé ag caint ar scoileanna deonacha anois ach ar scoileanna scaipthe ar fud na tíre atá faoi ETBs cheana féin. An fáth leis sin ná go bhféadfadh an ETB ansin a gcuid gnó leis an Roinn a dhéanamh trí Ghaeilge ar son chuile dhuine.

Bheadh sé i bhfad níos éasca ag an Roinn seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don ETB sin. Bheadh an ETB ag plé leis na scoileanna trí Ghaeilge seachas an rud atá ag tarlú i láthair na huaire, áit a bhfuil an ETB, sa gcuid is mó, ag plé leis na scoileanna i mBéarla mar nach bhfuil aon Ghaeilge ag formhór na ndaoine atá fostaithe ag na ETBs ar fud na tíre. Bheadh sé éasca go maith é seo a dhéanamh, is é sin go mbeadh na ETBs réigiúnach ann mar atá, ach i dtaobh na Gaelscolaíochta sa bhunscoil, agus cé go bhfuil roinnt ETBs a bhfuil bunscoileanna acu chomh maith le meánscoileanna anois, sna cásanna sin ar fad gur scoil lán-Ghaelach atá ann, ba cheart go dtiocfadh sé faoin ETB nua lán-Ghaelach. Chuirfeadh sé sin téagar agus láidreacht i bhforbairt pholasaí do na scoileanna sin agus ó thaobh soláthar seirbhísí agus tacaíochtaí do scoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.