Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Céard faoi na hiarrachtaí breise? Tá a fhios againn go bhfuil fadhb ann le roinnt mhaith blianta. An féidir tuairim a thabhairt ar na hiarrachtaí breise, an líon daoine atá ag teacht tríd an gcóras sin anois agus cé chomh luath is a bheidh muid ag súil le daoine cáilithe a bheith ar fáil do na scoileanna? Táim ag caint faoin pipeline. An mó duine atá ann faoin tráth seo? An bhfuil an t-éileamh sin go léir á líonadh? Braithim in áiteanna nach bhfuil. Caithfimid a chinntiú go mbeidís ar fáil do na scoileanna éagsúla Gaeltachta.
No comments