Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as an tuairisc agus as a cuid freagraí. Táim chun díriú isteach ar trí ábhar faoi leith. Ar dtús, bíonn brú an-mhór ar scoileanna múinteoirí a fháil atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaelainn i réimse leathan ábhar. Tá deacracht faoi leith ag scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Agus iad ag fógairt poist, ní chuirfeadh sé ionadh orthu ní hamháin go mbeadh orthu é a fhógairt roinnt uaire, ach gur féidir nach mbeadh aon iarrthóir. Nílim ag caint faoi dhaoine oiriúnacha le Gaeilge amháin. Is féidir nach mbeadh éinne in aon chor ag cur isteach ar chuid de na poist. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh múinteoirí ar fáil chun múineadh sna scoileanna Gaeltachta atá in ann a ngnó a dhéanamh le Gaelainn láidir. Bhí scéim phíolótach ann cheana féin chun cúrsaí fisice a thabhairt chun cinn. Bhí múinteoir ar líne roinnte idir roinnt scoileanna. Tá i bhfad níos mó taithí againn ar mhúineadh ar líne ó shin. Cad go díreach atá tagtha as sin? An bhfuil aon dul chun cinn leis an múineadh ar líne? Ag an am céanna, caithfear múinteoirí a chur ar fáil in person. Táim ag caint faoi mhúinteoirí a bheadh ag seasamh sa rang atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaelainn sna hábhair éagsúla. Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb sin atá ag na scoileanna Gaeltachta. Cad go díreach atá ag tarlú ansin? Cén dul chun cinn atá déanta chun múinteoirí le Gaelainn a chur ar fáil?

Luadh an straitéis. Feicimid é. Tá an Ghaelainn á múineadh sna naíonraí, sna bunscoileanna, sna meánscoileanna agus ag an tríú leibhéal. Dhéanfadh sé ciall straitéis iomlán a bheith ann i gcomhair na teanga tríd an gcóras oideachais ar fad. Tuigim go bhfuil roinnt oibre tosaithe air sin. Ní fheadar cé chomh tapa nó mall a tharlóidh sé. B'fhearr linn go mbeadh sé ag bogadh níos tapúla. An féidir é a bhrostú ar aghaidh? An aithnítear go bhfuil gá leis agus go bhfuil gá práinneach ann é a bhrostú ar aghaidh? Luadh 2024. An féidir é a bhrostú ar aghaidh? Má tá sé á shíneadh amach i bhfad uainn, léiríonn sé sin teachtaireacht nach bhfuil sé mar an chloch is mó ar ár bpaidrín. Tá gá leis chun rudaí a tharraingt le chéile agus chun go mbeadh straitéis shoiléir i gcomhair na Gaelainne tríd an gcóras ina iomláine. An bhféadfadh an tAire a léiriú an féidir é sin a bhrostú ar aghaidh?

Luadh an páipéar ardteistiméireachta ag deireadh bliain a cúig. Is sampla maith é sin mar a bhaineann sé leis an straitéis. Tá sé sin curtha siar ar feadh bliana nó tréimhse mar sin anois. B'fhéidir go mbeadh sé i gceist ag an Roinn teacht ar ais agus cinneadh a dhéanamh air sin arís, fiú roimh an straitéis atáthar ag caint faoina fhoilsiú i mí Mheán Fómhair 2024. Shamhlófaí go mbrostófar ar aghaidh an straitéis agus go mbeadh sé ullamh roimh aon chinneadh a dhéanamh mar gheall ar an athrú ar an ardteistiméireacht. An féidir é sin a dhéanamh? An féidir soiléiriú a thabhairt ar an bplean ansin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.