Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is maith an rud é sin go bhfuil sé clúdaithe faoin bpróiseas atá ar siúl faoi láthair ach is féidir an frustrachas agus an fhearg a mhothú ó na tuismitheoirí agus na daltaí atá gan seirbhís. Creidim nach bhfeileann an córas atá ann don éileamh atá ar an talamh ar fud na tíre de réir na figiúirí seo agus ón méid atá feicthe ag na hagóidí. Níor leor é don Aire a rá go dtagann sé faoin bpátrúnacht. Tá dualgas faoi leith uirthi agus ar an Roinn mar gurb í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre agus nach bhfuilimid ag freastal ar an éileamh atá ann. Tá súil agam go mbeidh siad ag díriú isteach ar an éileamh sin anois agus go mbeidh réitigh á gcur i bhfeidhm chun déileáil leis. Is dúshlán thar a bheith dearfach é. Is fadhb iontach í. Ní fadhb atá ann; is rud dearfach é go bhfuil an t-éileamh anseo ach níl an Roinn ag freastal air. Is dócha go bhfuil easpa tuisceana áit éigin. B’fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach ceapaim go bhfuil easpa tuisceana ó thaobh cé chomh tábhachtach is atá sé córas oideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Críochnóidh mé agus mé ag rá go bhfuil fadhbanna eile ann ó thaobh líon na díolúintí atá ag ardú an t-am uilig agus tá daoine atá i bhfad níos meabhraí ná mé féin ag rá linn go bhfuil fadhb uafásach anseo. Tá fadhb ann freisin maidir leis an gcinneadh atá déanta an méid ama atá le caitheamh ar an nGaeilge a laghdú. Is cúis mhór imní é seo do a lán daoine; múinteoirí agus lucht acadúla ina measc. Tá sé sin ráite go mion minic againn. Nuair a chuirim an rud sin i gcomhthéacs, ceapaim go bhfuil easpa tuisceana ann, in ainneoin na rudaí atá déanta atá thar a bheith dearfach. Ceapaim go bhfuil gá le meon níos oscailte a bheith againn ó thaobh na Gaeilge de, agus an tábhacht a bhaineann léi. Is gá dul i ngleic leis an dúshlán atá cothaithe anois ó thaobh éilimh de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.