Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Mar is eol do na finnéithe, d’fhreastail muid go léir ar agóidí taobh amuigh den Dáil de bharr nach bhfuil an Rialtas in ann freastal ar an éileamh atá ann ó thaobh Gaelcholáistí, go háirithe i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail mé féin ar dhá ócáid taobh amuigh den Dáil. De réir mar a thuigim, tá an t-éileamh céanna i gCaisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, agus i gContae an Chláir. Tá frustrachas ann. Is scéal dearfach amach agus amach é go bhfuil éileamh chomh mór sin ann ó thaobh na Gaeilge de agus oideachas trí Ghaeilge á lorg. De réir mar a fheicim agus mar atá ráite liom, níl aon sprioc ag an Roinn Oideachais ó thaobh líon na n-áiseanna nó na scoileanna atá ar fáil ó thaobh na Gaeilge de. Tá figiúr anseo agamsa. Mar a dúirt Conradh na Gaeilge linn, níl rogha na Gaelscolaíochta ar fáil ach ag líon an-bheag tuismitheoirí timpeall na tíre, 6.7%. Cuirtear sin i gcomparáid leis an mBreatain Bheag, mar shampla. In ainneoin go bhfuil an figiúr sin chomh híseal sin, ní fheicim go bhfuil aon sprioc ag an Roinn le freastal ar an éileamh sin, nó an bhfuil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.